George Wells Beadle
géineolaí Meiriceánach
Géineolaí bithcheimiceach a rugadh i Wahoo, Nevada ab ea George Wells Beadle (22 Deireadh Fómhair 1903 – 9 Meitheamh 1989). Rinne sé taighde ar ghéinitic arbhair indiaigh, cuileog torthaí (Drosophila), agus coincleacha aráin. I gcomhar le Edward Lawrie Tatum, d'fhorbair sé an coincheap go raibh géinte ar leith a rialaigh táirgeadh einsímí ar leith. Le Joshua Lederberg, bhuaigh Beadle is Tatum Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1958 as an saothar seo. In Chicago, Illinois a d'éag sé.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "George Wells Beadle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |