Gibneoireacht
Teicníocht choitianta i míochaine oirthearach is iartharach is ea gibneoireacht,[1][2] ina gcruthaítear folús taobh istigh de phróca nó cupán (an ghibne), le lasair go minic, agus a gcuirtear béal na gibne ar chraiceann an duine atá le cóireáil. Tarraingíonn an folús sa ghibne craiceann is fíocháin an duine píosa beag isteach inti, agus coinnítear mar sin é ar feadh ceathrú uaire. Baineann snáthaidpholladóirí feidhm aisti, ach tá a húsáid imithe i léig i measc gnáthdhochtúirí le fada.[3]
MeSH | D000079742 |
---|
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): gibneoireacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-07.
- ↑ ““gibneoireacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-07.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gibneoireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 315.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |