Planda bliantúil géagach a fhásann 80 cm ar airde, dúchasach d'iardheisceart na hEorpa is ea an gormán.[1] Na duilleoga caol lansa-chruthach le ribí liatha cadásacha, na cinn íochtaracha maothánach. Na bláthchinn 1.5-3 cm ar leithead, aonarach fadghasach. Na bláthóga seachtracha geal gorm spréite, níos mó ná na bláthóga inmheánacha dearga/corcra. Tugtar an lus gormáin air freisin, agus coirce gorm. Thugtaí isteach go minic é tráth mar fhiaile i ngoirt arbhair, ach is annamh anois é mar thoradh ar fheabhsuithe i nglanadh síol gráin. Bhaintí úsáid as na peitil chun lí ghorm a tháirgeadh do phéintéirí.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGormán
Centaurea cyanus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Dath na mbláthannagorm Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhCynareae
GéineasCentaurea
SpeiceasCentaurea cyanus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Centaurea cyanus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Gormán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.