Is éard is grádán[1] ann ná tomhas ar chlaonadh líne dírí i leith líne dírí fosaithe eile. I bhfoirm mhatamaiticiúil, is é grádán líne dírí i gcóras comhordanáidí dronuilleogacha tangant na huillinne idir an líne dhíreach is an x-ais. Is é grádán cuair ag pointe P ná grádán an tadhlaí leis an gcuar ag P.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): grádán” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-10-21.
  2. Hussey, Matt (2011). "Grádán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 328.