Sa mhatamaitic, tugtar tadhlaí[1] ar líne, de ghnáth líne dhíreach, a dhéanann tadhall le cuar ag pointe ar leith, a bhfuil an grádán céanna acu araon ag an bpointe sin. Mar shampla, tá tadhlaí ciorcail ag pointe ar leith ingearach le ga an chiorcail tríd an bpointe sin.[2]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tadhlaí” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-30.
  2. Hussey, Matt (2011). "Tadhlaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 637.