Buama hidrigine

(Athsheolta ó H-bhuama)

Arm teirmeanúicléach is ea buama hidrigine, a dtugtar an H-bhuama air freisin. Scaoiltear oiread ollmhór fuinnimh núicléach amach nuair a chomhleáitear núicléóin nó núicléis bheaga (mar shampla, núicléis de dheoitéiriaim is núicléis de thritiam, dhá iseatóp hidrigine) le chéile chun núicléis níos mó a chruthú.

Infotaula d'armaBuama hidrigine
Cineálpléascán núicléach agus arm núicléach Cuir in eagar ar Wikidata

Athrú maise chuig fuinneamh is bun leis an gcruthú fuinnimh seo. Chun comhleá a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga, atá luchtaithe go dearfach, a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. Imoibriú comhleáite is bun le teas na Gréine is na réaltaí eile, agus an radaíocht uile a astaítear astu.

I mbuama hidrigine bíonn pléascán beag eamhnaithe a chruthaíonn an ardteocht chun pléascán comhleáite a mhadhmadh. Is ollmhór an méid teasa is an fuinneamh pléasctha a dhéanann an buama. An ceann is mó milltí a tástáladh, áiríodh gurbh ionann is 60 milliún tonna TNT a fhuinneamh pléasctha.

An tAontas Sóivéadach a phléasc é sin i 1961 i lár an chogaidh fhuair. Na Stáit Aontaithe is luaithe a thóg is a thástáil buama hidrigine i 1952, bunaithe ar obair theoiriciúil Edward Teller i Los Alamos.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Buama hidrigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 97.