Bradaí
(Athsheolta ó Haiceálaí slándála)
Is éard is bradaí ann ná úsáideoir ríomhaire a dhéanann cumarsáid le húsáideoirí eile thar an Idirlíon go mailíseach le heolas pearsanta nó gnó faoi rún a fháil gan chead, agus go minic chun víreas a scaipeadh i mbogearraí is comhaid an ghlacadóra. Tá sé seo mídhleathach in an-chuid tíortha ach coitianta, ionas gur gá d'úsáideoirí a ríomhairí a chosaint le bogearraí balla dóiteáin.[1]
Is minic a thugtar haiceálaí nó haiceálaí slándála ar dhuine den sórt seo sna meáin chumarsáide,[2][3] cé go bhfuil brí níos leithne ar an téarma sin, .i. duine a bhfuil ardscileanna ríomhaireachta acu a sháraíonn constaicí trí bhealaí cliste nó seiftiúla.[4]
Cineálacha
cuir in eagar- Bradaí (nó haiceálaí[5]) dubh: duine a bhriseann isteach i gcóras ríomhaireachta le rún mioscaise
- Bradaí (nó haiceálaí[6]) liath: duine a aimsíonn laige slándála i gcóras nó i dtáirge ríomhaireachta chun aird na n-úinéirí a tharraingt ar an laige
- Bradaí (nó haiceálaí[7]) bán: saineolaí ríomhaireachta fostaithe ag comhlachtaí chun briseadh isteach ina gcuid líonraí agus laigí slándála a nochtadh
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bradaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 86.
- ↑ Bridget Bhreathnach (2022-11-17). "Bhí sé oibrithe amach ag na haiceálaithe go bhfuil Gaeilge agam…". Dáta rochtana: 2023-07-22.
- ↑ "Impleachtaí na n-ionsaithe haiceála fós á meas ag an HSE" (2021-05-15). Dáta rochtana: 2023-07-22.
- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (2011-01-03). "Múnlú agus claochlú focail". Dáta rochtana: 2023-07-22.
- ↑ ““blackhat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
- ↑ ““grey hat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
- ↑ ““white hat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |