Hakainde Hichilema

polaiteoir Saimbiach

Is fear gnó agus polaiteoir Saimbiach é Hakainde Hichilema (a rugadh ar 4 Meitheamh 1962). Toghadh é ina Uachtarán ar an tSaimbia i mí Lúnasa 2021 agus insealbhaíodh é ar 24 Lúnasa 2021.[1]

Infotaula de personaHakainde Hichilema

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Meitheamh 1962
61 bliana d'aois
Ceantar Monze (Northern Rhodesia)
Uachtarán na Saimbia
24 Lúnasa 2021 –
← Edgar Lungu Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Ateachtach an tSeachtú Lá
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Saimbia
Ollscoil Birmingham Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmeacnamaí, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaUnited Party for National Development Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMutinta Hichilema Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
5 Samhain 2017Paradise Papers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: hakainde.hichilema Twitter: HHichilema Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí sé ina Uachtarán ar an Pháirtí Aontaithe um Fhorbairt Náisiúnta (UPND) ó 2006 ar aghaidh. Cúig huaire a sheas i dtoghchán uachtaránachta, in 2006, 2008, 2011, 2015 agus 2016, agus níor éirigh leis in aon cheann acu. Toghadh ina uachtarán é ar 12 Lúnasa 2021.


Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh Hichilema i sráidbhaile i gCeantar Monze san áit ina bhfuil an tSaimbia sa lá atá inniu ann. Fuair sé scoláireacht le staidéar a dhéanamh in Ollscoil na Saimbia agus bhain sé céim bhaitsiléara amach san eacnamaíocht agus riarachán gnó i 1986. Ina dhiaidh sin, rinne sé Máistreacht Riarachán Gnó san Airgeadas agus Straitéis Gnó in Ollscoil Birmingham i Sasana.[2]

Bhí sé ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar Coopers agus Lybrand Zambia ó 1994 go 1998 agus ar Grant Thornton Zambia ó 1998 go 2006.[3]

Gairm pholaitiúil cuir in eagar

Tá sé ina bhall de pháirtí an fhreasúra, an Páirtí Aontaithe um Fhorbairt Náisiúnta, páirtí polaitíochta liobrálach. I ndiaidh bhás Anderson Mazoka in 2006, toghadh mar Uachtarán nua an pháirtí é. Chomh maith leis sin, tá sé ina cheannaire ar an Chomhghuaillíocht Dhaonlathach Aontaithe (UDA), comhghuaillíocht de thrí pháirtí pholaitiúla freasúra.

I dtoghchán 2006, b'é Hichilema iarrthóir an UDA agus sheas sé in éadan an uachtaráin a bhí in oifig ag an am, Levy Mwanawasa ón Ghluaiseacht don Daonlathas Ilphairtí (MMD) agus iarrthóir an Fhronta Tírghrách (PF), Michael Sata. Fuair sé faomhadh an iar-Uachtaráin Kenneth Kaunda. Thit an toghchán amach ar an 28 Meán Fómhair 2006 agus bhí Hichilema sa tríú háit le thart fá 25% den vóta.

Rith Hichilema mar iarrthóir an UPND i dtoghchán 2008, a gairmeadh i ndiaidh bhás an Uachtaráin Levy Mwanawasa.[4] Tháinig sé sa 3ú háit le 19.7% den vóta. I mí an Mheithimh 2009, bhunaigh páirtí Hichilema, an UPND, comhaontú leis an bhFronta Tírghrách (PF) agus Michael Sata le dul san iomaíocht i dtoghchán 2011 le chéile. Áfach, mar thoradh ar easaontas maidir le hiarrthóir an chomhaontaithe, drochmhuinín domhain idir an dá pháirtí agus cúisimh treibheachais ón dá thaobh, thit an comhaontú as a chéile i mí an Mhárta 2011.[5]

Bhí sé mar cheann den dá phríomhiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta mhí Eanáir 2015, a chaill sé le farasbarr beag de díreach 27,757 vóta (1.66%) in éadan iarrthóir an pháirtí i gcumhacht, an Fronta Tírghrách (PF), Edgar Lungu. Cháin Hichilema an toghchán mar bhréagthoghchán agus mhol sé dá lucht tacaíochta fanacht socair.[6][7] Chuaigh sé san iomaíocht in éadan Lungu arís mar phríomhiarrthóir an fhreasúra i dtoghchán uachtaránachta mhí Lúnasa 2016, agus chaill sé le farasbarr beag arís.[8]

I mí Aibreáin 2017, gabhadh é ar amhras go ndearna sé tréas agus cúisíodh é as iarracht a dhéanamh an rialtas a chur as cumhacht.[9] Bhí sé sa phríosún ar feadh 4 mhí sular tugadh Nolle prosequi dó.[10][11]

Gabháil & Cúiseamh Tréasa cuir in eagar

Gabhadh Hichilema ar an 11 Aibreán 2017. Ar oíche an 11 Aibreán 2017 bhris Póilíní na Saimbia isteach i gcompún Hichilema lena ghabháil faoi ordaithe rialtas an Uachtaráin Edgar Lungu.[12][13][14] Cuireadh ina leith gur chuir sé saol an uachtaráin i gcontúirt nuair nár lig sé do chonbhua an uachtaráin dul thart air, rud a bheadh inamhionchion tráchta de ghnáth agus chan rud a bheadh ionann agus tréas,[15][16] agus cúisíodh é as tréas a dhéanamh.[17] Shéan Hichilema an cúiseamh, a théann uas-phionós de phionóis an bháis leis, go láidir.[18]

Mí-iompar na bPóilíní le linn an ghabháil cuir in eagar

D'úsáid na póilíní an-iomarca fórsa[19] le dul isteach in áit chónaithe Hichilema ag déanamh dochair dá theach agus dá mhaoin, thuig siad greasáil dá oibrithe uilig, ghoid siad suimeanna ollmhóra airgid, seodra, chomh maith le fo-éadaí, bróga, callairí, pluideanna, brait urláir agus bia ón chistin agus rinne siad các ar leaba Hichilema.[20][21] Caitheadh ceanastair deorgháis i dteach Hichilema [22] a ghásail amach in éineacht lena bhean chéile, atá asma uirthi, agus a pháistí.[23] Thit a bhean chéile agus a pháisti as a seasamh roinnt uaireanta cionn is gur ionanálaigh siad Deorghás.

Cáineadh a ghabháil cuir in eagar

Cáineadh gabháil Hichilema go forleathan. Cháinna Stáit Aontaithe,[24] an tAontas Eorpach [25] agus Parlaimint na hEorpa [26] an ghabháil. Cháin Líonra Liobrálach na hAfraice an ghabháil mar iarracht ón Uachtarán Lungu easaontú agus freasúra sa tSaimbia a chur ina thost.[27] Cháin na heaspaig Chaitliceacha an ghabháil go láidir agus dúirt siad go raibh an tSaimbia anois ina deachtóireacht faoin Uachtarán, Edgar Lungu.[28] Chuir Julius Malema, ceannaire pháirtí Trodaithe ar son Saorsa Eacnamaíoch (EEF) na hAfraice Theas, i leith Uachtarán na Saimbia Edgar Lungu go raibh sé ag déanamh cos ar bholg den chineál céanna le cinedheighilt na hAfraice Theas cionn is gur gabhadh Hichilema ar chúiseamh tréasa [13] agus chuir sé “Cladhaire” ar an uachtarán Lungu.[29] Cháin Mmusi Maimane, ceannaire pháirtí an Chomhghuaillíocht Daonlathach (DA) san Afraic Theas ar diúltaíodh cead isteach sa tSaimbia dó le cuairt a thabhairt ar Hichilema sa bPríosún [30] nuair nár ligeadh dó eitleán a fhágáiil ag Aerfort Idirnáisiúnta Kenneth Kaunda i Lusaka, go láidir na cúisimh bréige in éadan Hichilema.[31]

Am i bpríosún cuir in eagar

Dúirt Hichilema in agallamh ar HARDtalk gur coinníodh i ngaibhniú aonair ar feadh ocht lá é gan bia, uisce, solas nó cuairteanna le linn a chuid ama i bpríosún agus céasadh é nuair a spraeáladh sprae piobar ar a bhaill ghiniúna. Chuir sé i leith uachtarán Lungu go ndearna sé iarracht é a mharú.[32]

Thug oifigigh an phríosúin bata agus bóthar dá bhean Mutinta nuair a ghlac sí bia dó.

Bhí gabháil Hichilema mar ábhar d'eagrán den chlár teilifíse The Stream ar Al Jazeera dar teideal An bhfuil daonlathas na Saimbia i gcontúirt?[33] a craoladh ar an 30 Bealtaine 2017.

Cuairteanna mór le rá air sa phríosúin cuir in eagar

Tugadh bata agus bóthar do chéad uachtarán na Saimbia, Kenneth Kaunda, nuair a bhain sé triail cuairt a thabhairt ar Hichilema sa Príosún.[34]

Tugadh bata agus bóthar do Mmusi Maimane, ceannaire an Chomhghuallaíocht Daonlathach san Afraic Theas, nuair a chuaigh sé chuig an tSaimbia le bheith i láthair nuair a chuaigh Hichilema as comhair na cúirte. Char ligeadh den eitleán é agus glacadh seilbh ar a ghuthán.[30] Spreag seo Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hAfraice Theas Ambasadóir na Saimbia chun na hAfraice Theas, Emmanuel Mwamba, a ghaireadh le gníomhartha rialtas na Saimbia a mhíniú.

Thug iar-Uachtarán na Nigéire, Olusegun Obasanjo, cuairt ar Hichilema i bPríosún.[35]

Thug Ard-Rúnaí an Chomhlathas Briotanach, an Banbharún Patricia Scotland, cuairt ar Hichilema sa Phríosún faoi dhó.[36]

Staid éigeandála cuir in eagar

Agus Hichilema sa Phríosún, chuir an tUachtarán Lungu staid éigeandála i bhfeidhm.[37] Chreid lucht cáinte an rialtais gur iarracht a ghreim ar chumhacht a dhéanamh níos doichte [38]

Agóidí cuir in eagar

Thosaigh agóidí sa tSaimbia, san Afraic Theas [39] agus sa Ríocht Aontaithe [40] ag éileamh go saoradh Hichilema agus ag cáineadh riail údarásach Edgar Lungu agus dul in olcas cearta daonna sa tSaimbia.

Saoradh ón phríosún cuir in eagar

Thosaigh ceiliúradh lúcháireacha fud fad na Saimbia nuair a saoradh Hichilema ón phríosún ar an 16 Lúnasa 2017 agus sheas na scórtha duine cois sráide i Lusaka le spléachadh de Hichilema a fheiceáil agus a chonbhua ag fágáil an phríosúin le Hichilema ag seasamh ina dhíon gréine lena lámha a chroitheadh leis na sluaite gárthach.[41]

Rinne iar-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Kofi Annan, comhghairdeas le húdaráis na Saimbia as na cúisimh tréasa in éadan Hichilema a tharraingt saor agus é a shaoradh ón phríosún.[42]

Tionóladh paidreacha buíochais le ceiliúradh a dhéanamh ar shaoradh Hichilema ón phríosún ag Ardeaglais na Croise Naofa i Lusaka ar an 29 Lúnasa 2017 agus bhí Hichilema i láthair ag an ócáid a tharraing sluaite móra agus a craoladh beo ar an teilifís. Bhí sé beartaithe an ócáid a reáchtáil an tseachtain roimhe ar an 24 Lúnasa ach chuir póilíní armtha a dhruid an láthair bac air.

Bhí an-tóir ar Hichilema i ndiaidh a shaoradh agus bronnadh Gradam Saoirse na hAfraice air in Johannesburg, an Afraic Theas. Tugadh cuireadh dó labhairt ag Teach Chatham i Londain agus thug Feisirí Parlaiminte na Comhghuaillíochta Daonlathaí cuireadh dó labhairt san Afraic Theas[43] agus bhí sé le feiceáil ar an gclár HARDtalk ar an BBC.

Scaol an t-iriseoir Fredrick Misebezi leabhar fá thréimhse Hichilema i bpríosún darb ainm Dialann Príosúin Hakainde Hichilema [44] ar an 29 Meán Fómhair 2017.[45] Thacaigh Hichilema leis an leabhar agus d’iarr sé ar an phobal é a léamh.[46]

Gradaim cuir in eagar

Bhronn Fondúireacht Friedrich Naumann Gradam Saoirse na hAfraice ar Hichilema ar an 27 Deireadh Fómhair 2017 ag ócáid in Johannesburg san Afraic Theas.[47]

Agallaimh cuir in eagar

Bhí Hichilema mar chuid den chlár teilifíse BBC mór le rá HARDtalk ar an 1 Samhain 2017 nuair a chuir Stephen Sackur faoi agallamh é.[48] B'é an chéad cheannaire de chuid an fhreasúra sa tSaimbia a bhí ar HARDtalk agus an dara polaiteoir Saimbiach a bhí mar chuid den chlár i ndiaidh an iar-Uachtaráin Levy Mwanawasa .

Ar an 17 Nollaig 2017 bhí Hichilema le feiceáil ar Agallamh Dé Domhnaigh ar ZNBC. Is é an chéad cheannaire ón fhreasúra a cuireadh agallamh orthu ar an chlár sin.[49] Tharla sé seo i ndiaidh dona urlabhraí, Charles Kakoma, scríobh chuig Ard-Stiúrthóir an ZNBC Richard Mwanza ag iarraidh go mbeadh an tUasal Hichilema le feiceáil ar an chlár ar an an 17 Nollaig.[50][51] Rinneadh réamhchlárú ar an chlár ar an Déardaoin roimhe ag 10: 30rn agus craoladh tráthnóna Dé Domhnaigh é.[52]

Óráidí cuir in eagar

Tugadh cuireadh do Hichilema óráid a thabhairt ag an Institiúid Ríoga um Gnóthaí Idirnáisiúnta, ar a dtugtar Teach Chatham go coitianta ar, ar an 31 Samhain 2017.[53] B'é an chéad Saimbiach le óráid a thabhairt i dTeach Chatham.

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá Hichilema pósta ar Mutinta agus tá triúr clainne acu. Tá sé ina bhall d'Eaglais Ateachtaigh an tSeachtú Lá.[54] Tá Hichilema ina mhilliúnaí agus tá sé ar an dara rainseoir eallach is mó sa tSaimbia.[55]

I mí na Nollag 2014, shéan sé gur Máisiún a bhí ann agus chuir sé síos orthu siúd a chuir sin ina leith mar dhaoine mailíseacha.[56] Rinne sé agra in éadan an t-Easpag Edward Chomba ón Eaglais Cheartchreidmheach as a chlú a mhilleadh i ndiaidh don Easpag Sátanach agus Máisiún a thabhairt air.[57]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "10 Heads of State to witness Bally's inauguration" (en-GB). Zambia: News Diggers! (2021-08-23). Dáta rochtana: 2021-08-24.
  2. "Biography: Hakainde Hichilema". www.hh-zambia.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-01-23.
  3. "HH’s curriculum vitae".
  4. "Zambia to hold presidential by-election on Oct.30", Xinhua, 10 September 2008.
  5. "Opposition alliance in Zambia collapse as UPND pulls out" Curtha i gcartlann 2011-11-18 ar an Wayback Machine, Newstime Africa, 11 Márta 2011.
  6. "Zambia opposition cries foul as Lungu wins presidential election". The Daily Telegraph.
  7. Hakainde Hichelma (27 Eanáir 2015). "Edgar Lungu steals election". hh-zambia.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 January 2015.
  8. "Zambia's President Edgar Lungu declared election winner". BBC News.
  9. "Zambian opposition leader charged with trying to overthrow government".
  10. "HH walks to freedom as state enters nolle prosequi in the treason case" (16 Lúnasa 2017). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  11. "DPP drops HH case" (17 Lúnasa 2017). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  12. Catholic Bishops condemn HH arrest, say Zambia is now a dictatorship Lusaka Times
  13. 13.0 13.1 Malema compares Zambia leader to apartheid rulers News24
  14. Zambia opposition leader Hakainde Hichilema released BBC News
  15. "Hakainde Hichilema's treason trial puts Zambia at crossroads." (24 Bealtaine 2017). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  16. The day road rage led to a treason charge in Zambia, as democracy falters in Africa. LA Times
  17. Mr Hichilema was arrested in April, accused of endangering the president's life after his motorcade allegedly refused to give way to the one transporting Mr Lungu. BBC News. 16 August 2017.
  18. He and his aides "strongly" denied the charge, which carries a sentence of at least 15 years. Those found guilty can also be sentenced to death. BBC News. 16 August 2017.
  19. "Police used excessive force to arrest HH and five others-Amnesty International" (27 Feabhra 2018). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  20. "Cops Rob Millions Of Kwacha From Hichilema's Residence In Midnight Raid" (en-US). Zambia Reports (2017-04-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-26. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  21. POLICE STEAL FOOD FROM HICHILEMA'S HOUSE Curtha i gcartlann 2018-03-14 ar an Wayback Machine Zambian Observer
  22. Mr Hichilema was detained after armed police raided his family home, during which teargas canisters were thrown inside
  23. "Cops Rob Millions Of Kwacha From Hichilema's Residence In Midnight Raid" (en-US). Zambia Reports (2017-04-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-26. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  24. USA denounces brutal arrest of Hichilema Zambian Watchdog
  25. "US, EU Condemn Hichilema Arrest, Treason Charge" (en-US). Zambia Reports (2017-04-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-16. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  26. "Human rights: H. Hichilema in Zambia, Dr Gudina in Ethiopia, South Sudan | News | European Parliament" (en). www.europarl.europa.eu (2017-05-18). Dáta rochtana: 2020-08-30.
  27. Zambia : HH's arrest is unacceptable- Africa Liberal Network
  28. "Catholic Bishops condemn HH arrest, say Zambia is now a dictatorship" (en-GB). LusakaTimes.com (2017-04-23). Dáta rochtana: 2020-08-30.
  29. "Lungu, you are a coward. Allow the opposition to oppose you. If you are a true leader, you will defeat them properly not through arrest," Malema said News24
  30. 30.0 30.1 "Maimane prevented from entering Zambia" (en). eNCA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-02. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  31. Maimane had strongly denounced the trumped up charges against Hichilema, and had condemned the African National Congress government for not yet taking a stand against his treason charges. Curtha i gcartlann 2023-06-02 ar an Wayback Machine eNCA
  32. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  33. [stream.aljazeera.com/story/201705301734-0025446]
  34. "Kenneth Kaunda Turned Away From Visiting Hichilema In Prison". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-14. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  35. Mwebantu Editor (2017-08-05). "Former Nigerian President Obasanjo goes to visit HH in prison" (en-US). Mwebantu. Dáta rochtana: 2020-08-30.[nasc briste go buan]
  36. "Secretary-General meets Zambian president and opposition leader" (7 Lúnasa 2017). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2020.
  37. Zambia's president declares state of emergency and sparked authoritarian rule concerns — Quartz
  38. Zambian President Edgar Lungu this month imposed a state of emergency, a move critics see as an effort to tighten his grip on power News24
  39. "Pockets Of Protesters Send "Release HH" Message At Global Event In Durban" (en-US). Zambia Reports (2017-05-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-16. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  40. "Zambians in UK protest HH persecution" (en-GB). Zambian Watchdog (2017-05-12). Dáta rochtana: 2020-08-30.
  41. Zambia: Hakainde Hichilema released from jail to jubilant reception, more popular than ever Daily Maverick
  42. "Statement By Kofi Annan Following The Release Of Hakainde Hichilema" (en). Modern Ghana. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  43. Editor (2017-08-31). "HH Addresses Lawmakers in South Africa" (en-US). MUVI Television | First in News and Entertainment. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  44. "Hakainde Hichilema's Prison Diary: Events of the day in and outside Prison". www.amazon.com. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  45. zamobserver (2017-09-29). "Hakainde Hichilema's Prison Diary (Book) Released On The Market And Selling At A Very Fast Rate!!!" (en-US). The Zambian Observer. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-15. Dáta rochtana: 2020-08-30.
  46. "Zambia : Book on HH's 127 day stay in jail out" (en-GB). LusakaTimes.com (2017-10-01). Dáta rochtana: 2020-08-30.
  47. ""HH conferred with Africa Freedom Award"." (en-US). zambia24.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-16.
  48. "Hakainde Hichilema". BBC.
  49. "Sunday interview: it was a very bad night for Grevazio". zambianobserver.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-09-10.
  50. "ZNBC grants HH Sunday Interview slot". themastonline.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-12.
  51. "HH writes ZNBC to feature on Sunday Interview". lusakatimes.com.
  52. "ZNBC grants HH Sunday Interview request". lusakatimes.com.
  53. Chatham House. "Political Opposition and Policy Alternatives in Zambia" (en). Chatham House.
  54. "HH: I am not a Masonist, I am Christian and a church elder at SDA".
  55. Aislinn Laing. "Africa needs leaders to run countries like CEOs, Zambia's opposition leader says". The Telegraph.
  56. "HH: I am an Adventist, I am a Christian, I don’t know what Freemasonry is.". Lusaka Times.
  57. "HH sues Bishop Chomba for calling him a Satanist and Freemason".

Naisc sheachtracha cuir in eagar