Harold Kroto
Ceimicí a rugadh ar 7 Deireadh Fómhair 1939 i Wisbech Shasana ab ea an Ridire Harold (Harry) Walter Kroto nó Harold Walter Krotoschiner mar a rugadh é. Ag obair lena chomhghleacaithe Richard Smalley is Robert Curl ar ábhair leathsheoltacha, tháinig sé ar ábhar nua trí thimpiste. Ag eisídiú adaimh carbóin as dromchla le léas léasair, á bhfuarú is á sú isteach i bhfolús, móilíní le 60 adamh carbóin iontu, 70 adamh uaireanta, a fuair siad mar thoradh den chuid is mó. Ba é seo 3ú allatróp an charbóin, C60. Is iad graifít, a bhfuil cruth leatháin uirthi, is diamant, a bhfuil cruth teitrihéidreach air, an dá cheann eile. Chinn siad gur cruth cáis sféaraigh a bhí ar an allatróp nua, cosúil leis an gcruinneachán geodasach a dhear Buckminster Fuller, cosúil le liathróid sacair agus adamh carbóin ag gach cúinne. Tús ab ea na fullairéiní nó millíní Bucky seo i 1985 le réimse torthúil lán-nua ceimice. Bronnadh Duais Nobel na Ceimice ar an triúr sa bhliain 1996 as.
Fuair Kroto bás ar an 30 Aibreán 2016.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Harold Walter Kroto". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 388.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |