Heimir Hallgrímsson
Bainisteoir agus iarpheileadóir sacair is ea Heimir Hallgrímsson (a rugadh i Heimaey san Íoslainn ar an 10 Meitheamh 1967). Ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann in 2024.[1]
Beathaisnéis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 10 Meitheamh 1967 57 bliana d'aois Oileáin Vestmann, An Íoslainn | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÍoslainne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm | imreoir sacair, bainisteoir sacair, fiaclóir | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teangacha | An Íoslainnis agus Béarla | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Spórt | sacar | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gairm
cuir in eagarRugadh agus tógadh Hallgrímsson in Vestmannaeyjar (‘Oileáin Fhir an Iarthair’ is ciall don logainm agus is do Ghaeil na hÉireann agus na hAlban atá an mhír ‘Vestmann’ ag tagairt).[2]
Bhíodh Hallgrímsson ag obair ina fhiaclóir sna 1990idí.[3]
Bhí Hallgrímsson ina chomhbhainisteoir ar an Íoslainn, in éineacht le Lars Lagerback, nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Shasana ag craobh na hEorpa in 2016, bua stairiúil. Bhí Hallgrímsson ina bhainisteoir as féin ar a thír dhúchais ina dhiaidh sin nuair a cháiligh siad do Chorn an Domhain in 2018, an chéad uair acu an comórtas sin a bhaint amach.
Bhí Hallgrímsson i bhfeighil ar Iamáice do 27 cluiche, 2022-2024. Bhuaigh sé deich gcinn, chaill sé deich gcinn agus comhscór a bhí sna seacht gcluiche eile. Cháiligh siad faoina stiúir don Copa America. D’fhág Hallgrímsson a phost mar bhainisteoir ar Iamáice nuair a díbríodh as Copa Mheiriceá iad ag deireadh na míosa seo caite nuair a bhuail Veiniséala iad.
Bainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann
cuir in eagarGan chaint, gan choinne cheap an IFA Heimir Hallgrímsson marbhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann ar an 10 Iúil 2024.[3] Tháinig ceapachán Hallgrímsson aniar aduaidh ar dhaoine ó tharla nach raibh sé ar an liosta fada daoine a bhí á lua leis an bpost.[1][4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Heimir Hallgrímsson na hÍoslainne ceaptha ina bhainisteoir ar Éirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-10). Dáta rochtana: 2024-07-10.
- ↑ NÓS (2024-09-07). "Stair Ghaelach Vestmannaeyjar, baile dúchais Hallgrímsson" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-08.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-07-10). "Íoslannach, iar-cheannasaí Iamáice, saoiste nua sacair na tíre" (as ga-IE).
- ↑ Bhain go leor bráca le cuardach an bhainisteora nua d’Éirinn agus faoi dhó a tugadh isteach John O’Shea mar bhainisteoir eatramhach. Bhí go leor bainisteoirí á lua leis an bpost, ina measc Lee Carsley, Roy Keane, Gus Poyet Neil Lennon, Chris Coleman, agus Chris Hughton.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |