Is éard atá i gceist le hidreaponaic[1] ná fás plandaí i dtuaslagáin chothaitheacha, gan aon ithir san áireamh. Úsáidtear an modh seo i dtáirgeadh trátaí is cúcamair ardchaighdeáin faoi ghloine. I saothrú uisce, crochtar na plandaí ó struchtúr in airde agus a bhfréamhacha tumtha san uisce a chuimsíonn na cothaithigh. I gcomhshaothrú, is féidir na fréamhacha a chur in ábhair cosúil le gaineamh garbh, gairbhéal, móinveirmicilít.[2]

Hidreaponaic ar siúl in Brooks, Alberta, Ceanada
  1. “hidreaponaic” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-16.
  2. Hussey, Matt (2011). "Hidreaponaic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 345.