Edgar Degas
Ealaíontóir a rugadh i bPáras ab ea Hilaire-Germain-Edgar Degas (19 Iúil 1834 – 27 Meán Fómhair 1917).
Bhí Degas i measc máistrí ealaíne sa 19ú haois. D’éirigh Degas ina dhuine ba mhó a raibh tionchar aige ar ealaín nua-aimseartha sa chéad leath den fhichiú céad.
Saothar
cuir in eagarBhain sé leis na hImpriseanaithe agus ghlac páirt ina dtaispeántais (1874–1886). Ghlac Degas leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair sé a stíl phearsanta féin.
Tar éis do casadh leis na hImpriseanaithe, bheartaigh Degas radharcanna ón ghnáthshaol a phéinteáil, saol na gcaifí. daoine ag obair nó ag ligean a scíth. Rinne Degas cuid mhór pictiúr de bhailéirín. I measc a shaothar cáiliúil tá Danseuse attachent sa chaussure (Damhsóir ag Ceangal a Bróige, c 1878) agus Jockeys sur la pluie (Marcaigh faoin bhFearthainn, 1879).
Sur la plage
Sa phictiúr seo,[1][3][4] léiríonn Degas cailíní áitiúla agus daoine eile atá ar saoire cois trá. Tá an íomhá leacaithe, cosúil leis na greantaí adhmaid as an tSeapáin.
Is féidir na daoine áitiúla a aithint go héasca sa phictiúir seo, mar go bhfuil siad go neamhimníoch agus tuáillí mar éadaigh orthu. Tá craiceann nocht le feiceáil go soiléir faoi bhun na dtuáillí, rud atá i gcodarsnacht leis an gcailín a bhfuil éadach ó bharr go sáil uirthi. Is léir gurb as an gcathair í, agus tá a banseirbhíseach ag cíoradh a cuid gruaige. Leis an ngéarchúis is gnách leis, léiríonn Degas éadaí snámha an chailín ina luí ar an ngaineamh díreach mar atá sí fín ina luí.[5]
Gailearaí
cuir in eagar-
Male Nude, 1856, oil on canvas, Metropolitan Museum of Art, New York City
-
Achille De Gas in the Uniform of a Cadet, 1856/57, National Gallery of Art, Washington, D.C.
-
The Bellelli Family, 1858–1867, Musée d'Orsay, Paris
-
Young Spartans Exercising, c. 1860–1862, National Gallery, London
-
Woman Seated beside a Vase of Flowers, 1865, oil on canvas, Metropolitan Museum of Art, New York City
-
The Amateur, 1866, The Metropolitan Museum of Art, New York City
-
Dancing Class, 1871, The Metropolitan Museum of Art, New York City
-
Ballet Rehearsal, 1873, The Fogg Art Museum, Cambridge, Massachusetts
-
Rehearsal on Stage, 1874, Musée d'Orsay, Paris
-
Portrait of Miss Cassatt, Seated, Holding Cards, 1876–1878
-
At the Café-Concert: The Song of the Dog, 1875–1877
-
Fin d'Arabesque, with ballerina Rosita Mauri, 1877, Musée d'Orsay.
-
The Singer with the Glove, 1878, The Fogg Art Museum, Cambridge, Massachusetts
-
Miss La La at the Cirque Fernando, 1879, The National Gallery, London
-
Dancer with a Bouquet of Flowers (Star of the Ballet) (with also ballerina Rosita Mauri), 1878
-
Stage Rehearsal, 1878–1879, The Metropolitan Museum of Art, New York City
-
Woman in Street Clothes, Portrait of Ellen Andrée, 1879, pastel on paper
-
Waiting, pastel on paper, 1880–1882.
-
Before the Race, 1882–84, oil on panel, The Walters Art Museum, Baltimore
-
The Millinery Shop, 1885, The Art Institute of Chicago
-
Dancers at the Bar, 1888, The Phillips Collection, Washington, D.C.
-
Woman in the Bath, 1886, Hill-Stead Museum, Farmington, Connecticut
-
The Tub, 1886, Musée d'Orsay, Paris, France
-
The Bath: Woman Supporting Her Back, c. 1887, pastel on paper, Honolulu Museum of Art
-
Kneeling Woman, 1884, Pushkin Museum, Moscow
-
Three Dancers in Yellow Skirts, c. 1891, oil on canvas, The Detroit Institute of Arts
-
After the Bath, Woman Drying her Nape, pastel on paper, 1898, Musée d'Orsay, Paris
-
After the Bath, Woman Drying Herself, c.[6] 1884–1886, reworked between 1890 and 1900, pastel on wove paper, 40.5 × 32 cm, Musée Malraux, Le Havre
-
Portrait of Henri Michel-Lévy, Calouste Gulbenkian Museum
-
James-Jacques-Joseph Tissot (1836–1902), 1867, Metropolitan Museum of Art, New York City
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 nó Beach Scene (Little Girl Having Her Hair Combed by her Nanny)
- ↑ "Hugh Lane Gallery" (as en) (2022-09-09). Wikipedia.
- ↑ "Box 5: Works of Degas, Dublin City Gallery The Hugh Lane free admission". www.hughlane.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-27. Dáta rochtana: 2022-09-27.
- ↑ Emmanuelle Callerame (2021-06-07). "10 œuvres d’art sur la plage à connaître absolument" (fr-FR). Magazine Artsper. Dáta rochtana: 2022-09-27.
- ↑ cogg.ie. "SÚIL AR AN EALAÍN". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hilaire-Germain-Edgar Degas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 204.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |