Is éard atá i gceist le hipiglicéime[1] ná leibhéal siúcra sa bhfuil níos lú ná an leibhéal normálta. Is annamh é ach i ndiaibéitigh a thógann an iomarca insline de dhearmad. Lagaíonn sé duine ar dtús, le cur allais is mearbhall, agus is féidir go leanfaidh titim i bhfanntais is cóma. Is féidir an leibhéal ceart siúcra a aischothú trí shiúcra a thabhairt le n-ithe nó instealladh infhéitheach.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.