Hipirghníomhaíocht
Is éard atá i gceist le hipirghníomhaíocht[1][2] ná iompar róghníomhach neamhrialaithe, in eindí le heasnamh airde agus dianmhachnaimh ar thasc ar leith. Feictear níos minice i measc leanaí ná daoine fásta í, agus tugtar neamhord hipirghníomhaíochta easnamh airde (ADHD) uirthi. Is féidir go mbeidh sí mar thoradh ar ghortú inchinne. Braitheadh í i bpáistí uathacha, páistí imníocha, páistí le hipirtíoróideacht, daoine le scitsifréine chatatónach, agus daoine a d'fhulaing einceifealaíteas san eipidéim a tharla díreach i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““hyperactivity” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “hyperactivity — Aistriúchán Gaeilge ar hyperactivity (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Hipirghníomhaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 348.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |