Sa bhitheolaíocht, an gaol idir struchtúir is tréithe coibhéiseacha in orgánaigh bheo, a dhíorthaítear ón gcuid chéanna den suth ach i riochtaí difriúla in orgánaigh ghaolmhara is ea homalógacht . Mar shampla, is struchtúir homalógacha iad cos thosaigh an chapaill, sciathán an éin, agus géag uachtarach an phríomhaigh, mar tagann siad ón gcuid chéanna den suth ach cuma an-difriúil orthu.[1]

Prionsabal na Homalógachta: D'úsáid Charles Darwin caidrimh bhitheolaíocha (a thaispeántar le dathanna) na gcnámh i ngéaga tosaigh veirteabraigh mar argóint i bhfabhar na héabhlóide.


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Homalógacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 352.