Humza Yousaf

polaiteoir Albanach

Is polaiteoir de chuid na hAlban é Humza Haroon Yousaf (a rugadh ar 7 Aibreán 1985 i nGlaschú). Is iar-cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban é (2023.2024). Bhí Yousaf ar an gCéad-Aire is óige riamh ar Albain agus ar an gcéad duine de bhunú mionlaigh, an chéad Mhoslamach tofa ina cheann feadhain ar mhórpháirtí sa Ríocht Aontaithe.[1][2]

Infotaula de personaHumza Yousaf

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Humza Yousaf
(ur) حمزہ ہارون یوسف Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Humza Haroon Yousaf Cuir in eagar ar Wikidata
7 Aibreán 1985
39 bliana d'aois
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
6 Céad-Aire na hAlban
29 Márta 2023 – 7 Bealtaine 2024 (éirí as)
← Nicola SturgeonJohn Swinney →
Cabinet Secretary for Health and Social Care (en) Aistrigh
18 Bealtaine 2021 – 28 Márta 2023
Ball de chomh-aireacht: Rialtas 6ú Parlaimint na hAlban
Ball de 6ú Parlaimint na hAlban
6 Bealtaine 2021 –
Toghcheantar: Glasgow Pollok (en) Aistrigh

Cabinet Secretary for Justice (en) Aistrigh
26 Meitheamh 2018 – 20 Bealtaine 2021
← Michael MathesonKeith Brown →
Minister for Transport and the Islands (en) Aistrigh
18 Bealtaine 2016 – 26 Meitheamh 2018
← Derek MackayPaul Wheelhouse →
Ball de 5ú Parlaimint na hAlban
5 Bealtaine 2016 – 5 Bealtaine 2021 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 5ú Parlaimint na hAlban

Toghcheantar: Glasgow Pollok (en) Aistrigh

Minister for Europe and International Development (en) Aistrigh
6 Meán Fómhair 2012 – 18 Bealtaine 2016 – Alasdair Allan →
Ball de 4ú Parlaimint na hAlban
5 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Parlaimint na hAlban

Toghcheantar: Glaschú

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Hutchesons' Grammar School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPàrtaidh Nàiseanta na h-Alba Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Urdúis agus an Phuinseáibis
Teaghlach
CéileNadia El-Nakla Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhumzayousaf.scot Cuir in eagar ar Wikidata

X: HumzaYousaf LinkedIn: humza-yousaf-b107852b Cuir in eagar ar Wikidata
Fuair Yousaf oideachas príobháideach ag Scoil Ghramadaí Hutchesons i nGlaschú ó 1997 go 2003.
2016
2023

Cúlra breithe agus teaghlaigh

cuir in eagar

Rugadh Humza Haroon Yousaf i gcathair Glaschú ar an 7 Aibreán 1985. Is mac le hinimircigh den chéad ghlúin é: rugadh a athair Mian Muzaffar Yousaf i Mian Channu, Puinseáb, an Phacastáin, agus chuaigh sé ar imirce ón gcathair lena theaghlach sna 1960í, ag obair mar chuntasóir sa deireadh..[3]

D'oibrigh a sheanathair athartha i monarcha innill fuála an Amhránaí i mBruach Chluaidh sna 1960idí. Rugadh máthair Yousaf, Shaaista Bhutta, i Nairobi, san Chéinia, do theaghlach de shliocht an Phuinseáb.[4][5] D’fhulaing a teaghlach ionsaithe foréigneacha a bhí spreagtha ag ciníochas go minic, toisc gur cuireadh an milleán orthu as poist "a bhain" le hAfracánaigh a ghlacadh, agus chuaigh siad ar imirce go hAlbain ina dhiaidh sin.[6]

D'fhreastail Humza ar Bhunscoil Mearns i Siorrachd Rinn Friù an Ear. Bhí Yousaf ar cheann den bheirt dhalta ó mhionlach eitneach a d'fhreastail ar a bhunscoil.[6] Fuair Yousaf oideachas príobháideach i Scoil Ghramadaí Hutchesons, scoil neamhspleách i nGlaschú, áit ar spreag a cheachtanna san ábhar 'Staidéir Nua-Aimseartha' é chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht.[7][8]

Rinne sé cur síos ar 9/11 mar "day that changed the world and for me" nuair a bhí sé 16 bliana d'aois. Roimh an ionsaí, bhí Yousaf gar do bheirt daltaí ar shuigh sé in aice leo ina rang clárúcháin, ach tar éis an ionsaithe i Nua-Eabhrac, chuir siad ceisteanna ar Yousaf amhail "Cén fáth a bhfuil fuath ag Moslamaigh do Mheiriceá?[6]

Rinne Yousaf staidéar ar an bpolaitíocht in Ollscoil Ghlaschú áit a raibh sé ina Uachtarán ar Glasgow University Muslim Students Association.[6][9] Bhain Yousaf céim amach mar Mháistir Ealaíon (MA) in 2007.[10]

Bhí Yousaf ina aire ar feadh 11 bliain, idir 2012-2023, agus tá neart taithí aige mar Aire Oideachais. Aire Sláinte, Aire Dlí, srl,

Chuaigh Yousaf i mbun cheannasaíocht an pháirtí ar 28 Márta 2023, Tháinig sé i gcomharbacht ar Nicola Sturgeon mar cheannaire ar an SNP. Rinneadh an-dul chun cinn agus í féin ina ceannaire ó 2014. Ach tháinig meath ar an bpáirtí faoina ceannas sa bhliain 2022/2023 agus sheas sí siar ó ról na ceannaireachta i mí Feabhra 2023.

Beirt bhan a bhí sa n-iomaíocht le Yousaf, Ash Regan agus Ceit Fhoirbeis ar dheis ar fad. 70% de bhaill an pháirtí a chaith vóta agus sa deireadh ní raibh mórán idir Yousaf agus Ceit Fhoirbeis, 52% le 48% ar an dara comhaireamh, tar éis d'Ash Regan a bheith curtha as an áireamh.. Léirigh an t-aighneas agus achrann a bhain leis an toghchánaíocht an deighilt atá san SNP.[1]

D’fhógair Yousaf i mí Aibreáin 2024 go raibh deireadh á chur aige leis an socrú cumhachta a bhí aige le Páirtí Glas na hAlban. Bhí an Páirtí Glas le ceangal faoin gcinneadh sin agus shocraigh siad láithreach go dtacóidís le rún mímhuiníne in Yousaf. Cuireadh síos sa pharlaimint rúin mhímhuiníne sa rialtas agus in Yousaf féin agus ba chosúil nach mbeadh dóthain vótaí aige teacht slán. Mhaígh Yousaf go bhféadfadh sé teacht slán ón vóta muiníne ach margadh a dhéanamh ar mhaithe le vótaí a mhealladh (socrú a dhéanamh leis an bPáirtí Alba), ach dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh a chuid prionsabal a thréigeadh agus d'éirigh sé as. Dúirt Yousaf nár thuig sé cé chomh mór is a ghoillfeadh a chinneadh ar an bPáirtí Glas.[11]

Féach freisin

cuir in eagar