Ianghaiste
Feiste chun iain a choinneáil i dtoirt ar leith is ea ianghaiste,[1] níos lú ná 1 cm ar leithead, trí fhuarú le léasair. Braitheann sé ar chóras réimsí leictreacha is maighnéadacha. Is féidir na hiain a sháinniú ina n-aonar nó i mbraislí chun gur féidir a n-airíonna a iniúchadh, cosúil leis na leibhéil fuinnimh, a réanna is a n-imoibrithe. I ngaiste Penning, bíonn réimse tairiseach leictreach is réimse athraitheach maighnéadach. I ngaiste Paul, bíonn réimsí athraitheacha leictreacha gan aon réimse maighnéadach.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““ion trap” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-05.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ianghaiste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 358.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |