Iarmhairtí leictrea-optaice
Iarmhairtí optúla a ionduchtaítear le réimsí leictreacha a chur i bhfeidhm ar ábhar tréshoilseach. Éiríonn ábhair thréshoilseacha áirithe (mar shampla, uisce, beinséin) dé-athraonach nuair a chuirtear i réimse leictreach iad. Iarmhairt Kerr a thugtar air seo, a d'fhionn an fisiceoir Briotanach John Kerr (1824-1907) i 1875. Baintear feidhm aisti i gcill Kerr, comhla ardmhinicíochta (suas le 1010 Hz) i lascadh léasair. Is iarmhairt dhé-athraonta iarmhairt Pockels freisin, a d'fhionn Friedrich Pockels (1865-1913) i 1893. Tarlaíonn sí seo i gcriostail áirithe le hairíonna siméadracha ar leith, agus baintear feidhm aisti i gcomhlaí ardluais is modhnóirí léas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairtí leictrea-optaice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 359.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |