Inbhéartú teochta
Is éard is inbhéartú teochta[1][2] ann ná feiniméan meitéareolaíoch ina sáinníonn ciseal aeir the an t-aer níos fuaire faoina bhun. De ghnáth, san atmaisféar íochtarach laghdaíonn an teocht de réir mar a théann tú in airde, agus éiríonn an t-aer te trí chomhiompar. Má bhíonn truaillithe san atmaisféar, mar sin, scaipeann siad go ceartingearach suas, agus amach go cothrománach. Ó am go chéile, áfach, tárlaíonn inbhéartú teochta san atmaisféar ionas go luíonn ciseal d'aer beagáinín níos teo os cionn an aeir ísil thar réimse éigin den Domhan. Ansin ní féidir leis na truaillithe scaipeadh os ard. Tiubhaíonn siad os íseal san atmaisféar, agus is féidir go dtiocfaidh an t-aer ansin chun a bheith baolach do dhaoine.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): inbhéartú teochta” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-09-18.
- ↑ ““inbhéartú teochta” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-09-18.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Inbhéartú teochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 367.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |