Próiseas ina gcuirtear ionstraim isteach in oscailt nó ducht sa cholainn chun amharc díreach a fháil agus/nó bithóipse a dhéanamh. Le hionscóp solúbtha snáithínghloine a dhéantar an próiseas, agus is féidir é a chur trí chainéil chaola is a chasadh thar chúinní go héasca. Le foinse chumasach solais is snáthoptaic, is éifeachtach an ionstraim seo, agus uaireanta cuimsíonn sí feistí breise cosúil le léas léasair chun obráidí go domhain sa cholainn a dhéanamh. I measc na samplaí tá broncascópacht (do na broncais), gastrascópacht (goile), cisteascópacht (lamhnán), agus ionscópacht ar an drólann, an t-aoineán, is an peireatóinéam.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionscópacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.