Iseabar
Líne a tharraingítear ar léarscáil aimsire idir pointí ag a bhfuil an brú atmaisféarach céanna. Aonad brú a úsáidtear sa mheitéareolaíocht is ea an bar, agus tá 1013 milleabar i meánbhrú an atmaisféir. De ghnáth tarraingítear iseabair ag céimeanna 1, 2 nó 4 mhilleabar thart ar an meánluach. Léiríonn siad cá bhfuil an brú ard is an brú íseal, agus uaidh sin conas atá an t-aer ag gluaiseacht. Gluaiseann an t-aer ón mbrú ard go dtí an brú íseal, ach de bharr rothlú an Domhain gluaiseann an t-aer ar mhodh bíseach amach ón mbrú ard isteach ar an mbrú íseal. Sa leathsféar thuaidh, tarlaíonn gaotha ar tuathal thart ar an mbrú íseal (iomghaoth), agus gaotha ar deiseal a tharlaíonn thart ar an mbrú ard (frithiomghaoth). Nuair a bhíonn na hiseabair an-dlúth ar an léarscáil, ciallaíonn sé sin athruithe tapa brú, agus mar sin gaotha arda. Malairt scéil a bhíonn ann agus na hiseabair éadlúth. Tá na léaráidí seo lárnach i réamhaisnéis na haimsire. Sa teirmidinimic, is líne é ar ghraf a léiríonn an gaol idir toirt is teocht faoi bhrú tairiseach.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iseabar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |