Itamar Ben-Avi
B'é Itamar Ben-Avi (31 Iúil, 1882 go 8 Aibreán, 1943) - céad mhac Eliezer Ben Yehúda. B'é Itamar Ben-Avi an chéad chainteoir dúchais Eabhraise le beagnach 2,000 bliain, de réir gach cosúlachta. Ainm eile a thugtar air ná Ben-Zion Ben-Yehúda. Rugadh é i gCathair na Sean-Iarúsailéime. Deborá a bhí ar a mháthair. Is ionann Itamar agus ainm an chrainn pailme, siombail an tSiónachais. Thosaigh sé ag baint feidhm as an leagan seo dá ainm i ndiaidh bhás a mháthar. Is ainm é a theastaigh uaithi a thabhairt air nuair a rugadh é ach ní raibh glacadh ag daoine timpeall uirthi leis mar ainm ag an am. Bhain sé feidhm as an ainm seo agus é i mbun chúrsaí liteartha go príomha. Níor labhair a thuismitheoirí ach Eabhrais leis ó lá go lá, rud fíor-neamhchoitianta san am sin, uathuil i ndairire. De réir sheanchas an teaghlaigh, níor labhair Itamar aon fhocal in aon teanga go dtí go raibh sé in aois a 4 bliana. Tá scéal ann gur chan a mháthair amhrán Rúisise leis tráth trí thimpiste nó trí dhearmad b'fhéidir agus nuair ba léir dá athair céard a tharla gur phléasc sé le fearg. Bhí tionchar mór ag an eachtra seo ar Itamar agus thosaigh sé ag caint ó shin amach.
Itamar Ben-Avi | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Iarúsailéim, 31 Iúil 1882 |
Náisiúntacht | An Phalaistín Mhandáideach |
Bás | Nua-Eabhrac, 8 Aibreán 1943 |
Áit adhlactha | Mount of Olives Jewish Cemetery (en) ![]() |
Muintir | |
Athair | Eliezer Ben-Yehuda |
Máthair | Devora Ben-Yehuda |
Céile/Céilí | Leah Ben-Avi (en) ![]() |
Páistí | liosta iomláin
|
Siblíní | liosta iomláin
|
Teaghlach | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Teangacha | Esperanto an Fhraincis an Béarla An Eabhrais |
Gairm | |
Gairm | iriseoir, Easparantóir agus polaiteoir |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |