Seán Ó Loingsigh
Ba é Seán Ó Loingsigh (John "Jack" Mary Lynch, as Béarla) (15 Lúnasa 1917 — 20 Deireadh Fómhair 1999) an 4ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann). Bhí dhá théarma aige in oifig idir 1966-1973 agus 1977-1979.
Saol
cuir in eagarBhí an Loingseach ar thús cadhnaíochta na gcluichí Gaelacha; peileadóir agus iománaí mór le rá le foirne peile agus iomána Chorcaí a bhí ann, sula gcrom sé ar an bpolaitíocht. Bhí cúig cinn de chraobhacha na hÉireann buaite aige mar iománaí agus ceann amháin mar pheileadóir.
Spreagadh a shuim sa dlí agus é a bheith ina chléireach sa Chúirt Chuarda nuair a bhí sé óg. Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile Corcaigh agus in Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1945.
Polaitíocht
cuir in eagarChuaigh an Loingseach leis an bpolaitíocht go gairid ina dhiaidh sin.[1][2] Toghadh é do Dháil Éireann don chéad uair mar ionadaí Chorcaí sa bhliain 1948, agus atoghadh é ag gach olltoghchán go dtí lá a scoir sa bhliain 1981.
Le linn a ghairme, bhí sé mar Aire Airgeadais (1965-1966), Aire Tionscoil agus Tráchtála (1959-1965), Aire Oideachais (1957-1959), Aire Gaeltachta (1957) agus mar Rúnaí Parlaiminte.
Bhí an Loingseach ar an 3ú ceannaire ar Fhianna Fáil idir 1966 agus 1979. Ghlac sé áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[3]
Ghlac Seán Ó Loingsigh áit Seán Lemass mar Thaoiseach sa bhliain 1966. Chuir an foréigean a bhris amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1969 isteach go mór ar rialtas agus ar phobal na Sé Chontae Fichead. Bhris Ó Loingsigh beirt aire, Charles Haughey agus Niall Blayney, as a gcuid postanna mar nár thacaigh siad go hiomlán le polasaí an rialtais ar Thuaisceart Éireann, dar le Ó Loingsigh.[4]
D’éirigh go hiontach le Fianna Fáil in olltoghchán 1977 agus bhí Seán Ó Loingsigh ar ais mar Thaoiseach arís. Ach d’éirigh sé as dhá bhliain ina dhiaidh sin agus tháinig Cathal Ó hEochaidh isteach ina áit. Ba é Ó Loingsigh ceannasaí deireanach Fhianna Fáil chun tromlach foriomlán a fháil sa Dáil.
Saol pearsanta
cuir in eagarBhí píopa i mbéal an Loingsigh go minic, mar ghobán b'fhéidir, san fhaisean an tráth úd. Bhuail stróc é i 1993[5], in aois 76 dó agus.d'éag sé ar an 20 Deireadh Fómhair 1999.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Jack Lynch: A Biography | Reviews in History". reviews.history.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-10-20.
- ↑ "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press". dib.cambridge.org. Dáta rochtana: 2020-10-20.
- ↑ COGG. "Ó Chlochaois go Spásrás". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Derek Owens. "History of Irish Taoisigh" (en). www.derekpowens.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-13. Dáta rochtana: 2020-10-20.
- ↑ "Ireland mourns as ex-PM Jack Lynch dies at 82" (en). the Guardian (1999-10-21). Dáta rochtana: 2020-10-20.
Foireann Iománaíochta na Mílaoise (2000) |
||
1 Antóin Ó Roideacháin | 2 Seán Ó Dúghaill | 3 Nioclás Ó Domhnaill | 4 Roibeard Mac Riocaird | 5 Pádraig Ó Faoláin | 6 Seán Ó Céin | 7 Brian Ó Faoileacháin | 8 Seán Ó Loingsigh | 9 Lory Ó Meachair | 10 Criostóir Ó Rinn | 11 Mícheál Mac Aodha | 12 Séamas Langtún | 13 Éadbhard Ó Cathaoir | 14 Réamann Ó Coimín | 15 Séamas Ó Dúghaill | |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |