Jenny Lind
Amhránaí ceoldráma Sualannach ab ea Johanna Maria Lind nó Jenny Lind mar ab fhearr aithne uirthi (6 Deireadh Fómhair 1820 – 2 Samhain 1887). An Filiméala Sualannach (Sualainnis: Den Svenska Näktergalen) an leasainm a tugadh uirthi. Ba shoprán í a raibh ráchairt mhór uirthi i dtuaisceart na hEorpa sna 1840idí agus a raibh dlúthbhaint aici le Mendelsson. D'éirigh go seoigh lena turas sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1850. Bhí sí ina ball de Acadamh Ríoga Cheoil na Sualainne ó 1840 i leith.
Jenny Lind | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Klara Church Parish (en) ![]() |
Náisiúntacht | An tSualainn |
Bás | Malvern, 2 Samhain 1887, 1887 |
Áit adhlactha | Great Malvern |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ailse) |
Muintir | |
Céile/Céilí | Otto Goldschmidt (en) ![]() |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | An tSualainnis |
Múinteoirí | Manuel Patricio Rodríguez García Karl Magnus Craelius |
Mic léinn | Liza Lehman |
Gairm | |
Gairm | amhránaí, aisteoir, amhránaí ceoldrámaíochta, múinteoir ceoil agus aisteoir stáitse |
Fostóirí | Ollscoil Londan |
Daoine le tionchar air/uirthi | Adolf Fredrik Lindblad |
Ballraíocht | Burschenschaft Hannovera Göttingen (en) ![]() |
Gluaiseacht ealaíne | ceol clasaiceach ceoldráma |
Cineál gutha | coloratura soprano (en) ![]() |
Fach | coloratura soprano (en) ![]() |
Uirlis cheoil | ceol gutha |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Liútarachas |
![]() |
BeathaisnéisCuir in Eagar
Rugadh Lind i Stockholm. Múinteoir scoile ab ea a máthair agus rith sí a scoil féin a d'fhreastail ar chailíní. Chan Jenny ar an stáitse den chéad uair agus í 10 bliana d'aois. An chéad ról mór a bhí aici ná Agathe in Der Freischütz de chuid Weber sa bhliain 1838 ag Opera Roga na Sualainne. Theip ar a guth tar éis tamaill, ach rinne sí staidéar le Manuel García i bPáras (1841–1843) agus d'éirigh leis an bheirt acu a guth agus a gairm a tharrtháil.
Cheap P. T. Barnum di turas Mheiriceá a thabhairt agus chuaigh sé a chaint le Jenny Lind sa bhliain 1849. Ghlac sí leis an bplean mar bheadh na suimeanna airgid i gceist chomh mór gurbh fhéidir léi a tionscadail charthanacha ina tír dhúchasach a chur chun cinn, go mór mhór scoileanna saor in aisce. Chaith sí dhá bhliain i Meiriceá. Phós sí Otto Goldschmidt sa bhliain 1852 agus chuaigh siad ar ais go dtí an Eoraip sa bhliain chéanna. Bhí triúr páistí acu.
Chuir sí fúithi i Sasana sa bhliain 1855. Fuair sí bás in Malvern, Worcestershire sa bhliain 1887.[1]
LéitheoireachtCuir in Eagar
- Rosen, Carole (2004). "Oxford Dictionary of National Biography". Oxford University Press.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Rosen, "Lind, Jenny (1820–1887)"
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |