John Davis
taiscéalaí Sasanach
Loingseoir a rugadh i Sandridge Shasana ab ea John Davis (c 1550 – 29 Nollaig 1605). I 1585-1587 rinne sé 3 aistear san Artach ag iarraidh an Pasáiste Siar ó Thuaidh a aimsiú. Ar an aistear deireanach shroich sé domhanleithead 73° thuaidh, agus d'aimsigh an caolas idir an Ghraonlainn is Oileán Baffin, ar tugadh a ainm féin air níos déanaí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Deireadh Fómhair 1550 (Féilire Ghréagóra) Sandridge, England |
Bás | 27 Nollaig 1605 55 bliana d'aois Oileán Bintan |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taiscéalaí, mairnéalach |
Teangacha | Béarla |
I mí Lúnasa na bliana 1592, agus é ag iarraidh Caolas Magellan a thaiscéaladh, bhí air agus a fhoireann fanacht ar oileán a cheaptar a bheith ar cheann d'Oileáin Fháclainne, an chéad duine a tháinig ar na hoileáin úd. Fuair sé bás gar don Oileán Bintan in aice le Singeapór i gcomhrac le foghlaithe mara.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "John Davis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 201.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |