John Dillon
Ba pholaiteoir náisiúnach Éireannach é Seán Diolún nó John Dillon (4 Meán Fómhair, 1851 - 4 Lúnasa, 1927), a bhí gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn.
Mac leis an scríbhneoir Seán de Bláca Diolún (John Blake Dillon), bhí Dillon ina bhall de Conradh na Talún. Ghlac sé páirt i gCogadh na Talún sna 1880idí nuair a bhí sé óg.
Níos déanaí, bhí Dillon ina cheannaire ar Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann idir na blianta 1892 agus 1900, agus arís sa bhliain 1918 tar éis bás Sheáin Mhic Réamainn.
Chaill Dillon agus a pháirtí a lán tacaíochta tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, agus chuir fás Shinn Féin i rith an tréimhse seo deireadh leo.
Chuaigh a mhac James Dillon isteach sa pholaitíocht freisin.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |