John Harrison
Ceapadóir is uaireolaí a rugadh i bhFoulby Shasana ab ea John Harrison (24 Márta 1693 - 24 Márta 1776). Faoi 1726 bhí clog tógtha aige le gaireas cúitimh chun earráidí de bharr athruithe san aeráid a cheartú. I 1713 chuir rialtas na Breataine duaiseanna ar fáil as bealaí chun an domhanfhad a dhéanamh amach go cruinn sa loingseoireacht, rud nach mbeadh indéanta gan cloig an-chruinne. Shaothraigh Harrison croiniméadar mara, rinneadh tástáil air ar aistear ó Shasana go dtí an Iamáice i 1761-1762, agus d'éirigh leis an domhanleithead a thomhas le míchruinneas níos lú ná 3.9 km. Tar éis tástálacha breise (1765-1773) bhuaigh sé an chéad duais.
John Harrison | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Foulby, 24 Márta 1693 (sa féilire Iúil) |
Náisiúntacht | Ríocht na Breataine Móire |
Áit chónaithe | Red Lion Square (en) ![]() |
Bás | Londain, 24 Márta 1776 |
Áit adhlactha | St John-at-Hampstead (en) ![]() |
Muintir | |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Teangacha | an Béarla |
Gairm | |
Gairm | clockmaker (en) ![]() |
Duaiseanna | Copley Medal (1749) |
Ainmníodh é/í le haghaidh |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |