Josef von Fraunhofer
Fisicí is radharceolaí a rugadh i Straubing na Gearmáine ab ea Josef von Fraunhofer (6 Márta 1787 – 7 Meitheamh 1826). Fágadh ina dhílleachta é nuair a bhí sé 11 bliain d'aois. Cuireadh ag obair mar phrintíseach é chuig gloineadóir a choinnigh lámh chrua leis. D'éirigh leis, áfach, sár-oilteacht ar dhéantús na gloine a bhaint amach. Is dócha nach raibh a shárú le fáil.
Josef von Fraunhofer | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
1824 - | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Straubing, 6 Márta 1787 | ||
Náisiúntacht | Ríocht na Baváire | ||
Bás | München, 7 Meitheamh 1826 | ||
Áit adhlactha | Alter Südfriedhof | ||
Cúis bháis | bás nádúrtha (eitinn) | ||
Oideachas | |||
Teangacha | An Ghearmáinis | ||
Gairm | |||
Gairm | fisiceoir, réalteolaí agus ceimiceoir | ||
Fostóirí | Ollscoil Ludwig Maximilian, München Mathematisch-Feinmechanisches Institut | ||
Duaiseanna | |||
Ballraíocht | Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí na Baváire Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine, Leopoldina |
D'fheabhsaigh Fraunhofer priosmaí is teileascóip. Tháinig sé ar na línte (dathanna, tonnfhaid) dorcha i speictream na Gréine, a ainmnítear as ó shin. Línte iad seo atá dorcha de bharr ionsú na dtonnfhad sin ag dúile cosúil le cailciam, hidrigin, sóidiam, is maignéisiam. Sna cisil fhionnuara os cionn fótaisféar gealbhruthach na Gréine a tharlaíonn an t-ionsú seo.
Fuair von Fraunhofer bás in aois a 39 bliana le gal na dtrom-mhiotal, dála neart lucht déanta gloine eile san am.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |