Déantar ceiliúradh ar Naomh Mártain timpeall na hEorpa ar fad ar an 11 Samhain[1]Lá Fhéile Mártain. Ba naomh é Mártain, Mairtín nó Martín de Tours (a rugadh i 316336 i Savaria, Deoise an Phanóin) agus uncail Naomh Pádraig, is cosúil.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Fhéile Mártain
Íomhá
Cineálcothrom an lae
lá saoire Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séMairtín de Tours Cuir in eagar ar Wikidata
11 Samhain Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Laitvia Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Le cuid

Nósanna cuir in eagar

Sa Ghearmáin siúlann páistí óga trí na sráideanna le laindéir ildaite ina lámha. Canann siad amhráin atá foghlamtha de ghlanmheabhair acu in ómós do Naomh Mártain[2]. Ar fud na Gearmáine bíonn mórshiúlta fairsing. Dráma beag ag léiriú scéal an Naomh agus an Bacach, agus ansin siúl le lóchrainn.

De réir an fhinscéil, chuaigh Mártain i bhfolach[3] i measc na n nuair a bhí muintir Tours ag iarraidh easpag a dhéanamh de dá ainneoin. Ach sceith na géanna air. Dá bharr sin a itear gé ar an 11 Samhain.

In Éirinn, bhíodh sé de nós ag seandaoine éan éigin ar nós , circe nó lachan a mharú an oíche roimh Lá Fhéile Mártain, an 10 Samhain, agus an fhuil a scaoileadh mórthimpeall chró na gcearc[4]. Luaitear sa scéal seo go gcuireadh gach duine den líon tí crosóg air féin[5] agus deiridís an méid seo a leanas:

“Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a tharrtháil is a chur ar ár leas;
is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst.”

Tagairtí cuir in eagar

  1. en.wikipedia.org (2018). "St. Martins Day Celebrations around the world".
  2. gaois.ie. "Lá Fhéile Mártain". Dáta rochtana: 2018.
  3. aonghus.blogspot.com (2009). "Droch lá, más gé tú!". Dáta rochtana: 2018.
  4. duchas.ie. "Nósanna". Dáta rochtana: 2018.
  5. dúchas.ie (2018). "Naomh Máirtín".