Leonel Fernández

uachtarán na Poblachta Doiminicí

Uachtarán na Poblachta Doiminicí is ea Leonel Fernández.

Infotaula de personaLeonel Fernández

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith26 Nollaig 1953
70 bliana d'aois
Santo Domingo, An Phoblacht Dhoiminiceach Cuir in eagar ar Wikidata
50 President of the Dominican Republic (en) Aistrigh
16 Lúnasa 2004 – 16 Lúnasa 2012
← Hipólito MejíaDanilo Medina →
President of the Dominican Republic (en) Aistrigh
16 Lúnasa 1996 – 16 Lúnasa 2000
← Joaquín BalaguerHipólito Mejía → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uathrialach Santo Domingo Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Spáinnis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaDominican Liberation Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis, Béarla agus an Fhraincis
Gradam a fuarthas
Síniú

Twitter: LeonelFernandez Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh i Santo Domingo é, ar an 26 Nollaig, 1953. Ba iad José Antonio Fernández Collado agus Yolanda Reyna Romero a thuismitheoirí. Chuaigh an teaghlach go dtí na Stáit Aontaithe agus chaith sé a óige i Washington Heights, Nua-Eabhrac.

Nuair a bhí sé réidh leis an ardscoil d'fhill sé ar a thír dhúchais agus rinne sé staidéar ar an dlí ag Universidad Autónoma de Santo Domingo. Chuaigh sé le polaitíocht agus chláraigh leis an PLD nuair a bunaíodh é sa bhliain 1973, nuair a d'éirigh Juan Bosch as an PRD chun páirtí nua a bhunú. Bhí Fernández ina dhalta ag Bosch agus sheas sé leis mar iarrthóir don leas-uachtaránacht i dtoghchán na huachtaránachta sa bhliain 1994. Toghadh é féin ina uachtarán dhá bhliain ina dhiaidh sin agus dhírigh sé ar leasuithe polaitiúla agus eacnamaíocha a dhéanamh.

Mhéadaigh sé rannpháirtíocht na tíre i bhfóraim ar nós Eagraíocht na Stát Meiriceánach agus an "Miami Summit". D'fhás an geilleagar Doiminiceach a seacht faoin gcéad sa bhliain ar an meán le boilsciú íseal agus cuireadh tús le han-chuid tógála ar fud na tíre. Chuir sé fáilte roimh infheistíocht ón iasacht ach ba bheag a rinne sé chun leasuithe sóisialta a chur ar bun. Níor cheadaigh an bunreacht dó rith arís sa chéad toghchán eile, sa bhliain 2000, agus toghadh Hipólito Mejía ón PRD ina áit.

Bhí Fernández ar ais i gcumhacht áfach tar éis an toghcháin a tionóladh ar an 16 Bealtaine 2004 agus tromlach mór ag a pháirtí. Atoghadh é mar nár éirigh le Mejía bail mhaith a chur ar an ngeilleagar. Meastar gur mar gheall ar mhéadú i bpraghas ola agus teip na heacnamaíochta tar éis an ionsaí ar Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001 a thiontaigh an pobal in aghaidh an rialtais. Bhí i bhfad barraíocht airgid faighte ar iasacht ag Mejía agus theip ar na bancanna ba mhó sa tír mar gheall ar a gcuid caimiléireachta.

Tháinig Fernández i gcumhacht arís ar an 16 Lúnasa 2004. Is cosúil go bhfuil muinín ag daoine as ó thaobh an gheilleagair de ach go gceapann siad gur cuma leis faoi cheisteanna sóisialta. Níl formhór an phobail ag baint leasa rómhóir as fás na heacnamaíochta. Cuirtear ina leith nach bhfuil go leor infheistíochta á dhéanamh aige i soláthar bia, fuinnimh, leictreachais, oideachais agus leasú na gcúirteanna. Is beag dul chun cinn atá déanta i gcoinne na caimiléireachta.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar