Lámhscríbhinn Ghaelach na meánaoise is ea Liber Flavus Fergusiorum (Leabhar Buí Uí Fhearghais), freisin ARÉ 23 O 48 a-b,[1] scríofa c. 1437-40.

WD Bosca Sonraí LeabharLiber Flavus Fergusiorum
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Bunábharveilleam Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
2 vols. Cuir in eagar ar Wikidata

Uí Fhearghais cuir in eagar

Sa 7ú haois, bhaist agus athainmnigh Naomh Aodhán (Maodhóg) mic Ailiealla, sa 9ú glúin amach ó Niall, Ardrí na hÉireann, mar a deirtear sa Lives of Irish Saints:[2]

"Ailill mac Rechtaide m. Eitin m. Felim m. Chaoil m. Áeda, son of Ailealla m. Eirc m. Eoghainín m. Néill."

Fearghas agus Faircheallach ba ea na hainmneacha baiste. Rinne oidhrí Naomh Aodháin ag Mainistir Ros Inbher agus Mainistir Dhroma Leithne. Rítheaghlach ba ea Uí Fearghais féin, suite ó dhúchas Ros Cam i gClann Fhearghaile. Sa 13ú haois, bhog siad i gContae Mhaigh Eo isteach.

Sa 14ú haois, scríobh baill den chlann an lámhscríbhinn darb ainm anois Liber Flavus Fergusiorum.

Údair cuir in eagar

Scríobhadh Liber Flavus Fergusiorum ag amanna agus scríobhaithe éagsúla Uí Fhearghais, an príomhscríobhaí ná Aedh. Ainmnítear beirt aistreoirí, Seaán Ó Conchubair agus Uidhisdín Mag Raighin, sna colafain. D'aistrigh Ó Conchubair alt ar Oifig na Marbh, agus Mag Raighin, Beatha Sheáin soiscéalaí.

Thóg shliochtach Uí Fearghais, Dr. John Fergus an lámhscríbhinn ó Mhaigh Eo go dtí Baile Átha Cliath san 18ú haois. Tar éis a bháis sa bhliain 1761, bhí sí i seilbh a iníne, Frances Arabella Kennedy. Bhronn a garmhac an lámhscríbhinn don Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1875.

Foinsí cuir in eagar

  • Catalogue of Irish manuscripts in the Royal Irish Academy (Baile Átha Cliath, 1933), Fasc. 10: 1254-73.
  • E.J. Gwynn, "The Manuscript Known as the Liber Flavus Fergusiorum", Proceedings of the RIA 26 C 2, 15-40.
  • Máire Herbert, "Medieval Collections of Ecclesiastical and Devotional Materials: Leabhar Breac, Liber Flavus Fergusiorum and The Book of Fenagh", in Bernadette Cunningham and Siobhán Fitzpatrick, Treasures of the Royal Irish Academy Library (Baile Átha Cliath, 2009), 33-43.
  • Diarmuid Ó Laoghaire, "Beatha Eustasius agus Beatha Mhuire Éigipti", Celtica 21 (1990), 489-511.
  • —, "Mary of Egypt in Irish: A Survey of the Sources", in Poppe and Ross, The Legend of Mary of Egypt in Medieval Insular Hagiography (Baile Átha Cliath, 1996), 255-7.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lua iomlán: Baile Átha Cliath, Acadamh Ríoga na hÉireann, MS 23 O 48 a-b
  2. Ó Duinnín, Domhnall. "Bethada Náem nÉrenn". Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na hÉireann.