Liosta buamálacha le linn na dTrioblóidí
Seo liosta na bhuamálacha suntasacha a bhaineann le Na Trioblóidí i Thuaisceart Éireann agus a n-iarmhairtí. Áiríonn sé buamáil a tharla i dTuaisceart Éireann, i bPoblacht na hÉireann, agus sa Bhreatain Mhór ó 1968. Tharla ar a laghad 10,000 ionsaí buama le linn na coinbhleachta (1968–1998).[1]
1969
cuir in eagar- Lúnasa 5 – Buamáil stiúideo RTÉ: Mhaidhm Óglaigh Uladh (UVF) buama ag ceanncheathrú Raidió Teilifís Éireann (RTÉ) i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann, rud a rinne damáiste suntasach.[2]
1970
cuir in eagar- Lúnasa 11 – Buamáil Chrois Mhic Lionnáin: Maraíodh beirt oifigeach na Constáblacht Ríoga Uladh (RUC) nuair a phléasc carrbhuama bobghaiste i Chrois Mhic Lionnáin, i gContae Ard Mhacha. Ba iad na chéad íospartaigh RUC an IRA.[3]
1972
cuir in eagar- Feabhra 22 – Buamáil Aldershot (1972): Phléasc buama sa bhialann i mBeairic Aldershot, Hampshire, áit a raibh an 16th Parachute Brigade. Mharaigh an IRA Oifigiúil cúigear bean (lónadóirí iad go léir), sagart agus an garraíodóir.[4][5]
- Márta 4 – Buamáil Abercorn (1972): Phléasc buama geilignít (2.3kg) i mbialann Abercorn i mBéal Feirste. Bhí an buama i mála a d’fhág beirt bhan óg nár ordaigh aon rud. Ionsaí fánach a bhí ann, san iarnóin ar an Satharn, agus daoine ag siopadóireacht fuinneoige srl, an chéad ionsaí buama ar shibhialtaigh neamhchiontacha le linn na dTrioblóidí.[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "CAIN: Northern Ireland Society – Security and Defence". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Meán Fómhair 2014. Dáta rochtana: 15 Samhain 2023.
- ↑ "Bomb Damages RTÉ TV Studios".
- ↑ "CAIN: Sutton Index of Deaths".
- ↑ Holly Smith. "The forgotten victims of the Troubles | Biteback Publishing". www.bitebackpublishing.com. Dáta rochtana: 2022-02-23.
- ↑ Ronan McGreevy. "Fifty years on: the Bloody Sunday revenge bomb that left seven dead" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-02-23.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (30 Lún 2020). ""B’in é an pobal ar mhaígh na Sealadaigh go raibh siad ag troid chun iad a chosaint." Masla i gceann na héagóra do dhaoine neamhurchóideacha a gortaíodh le linn na dTrioblóidí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-04.