Lola Montez (Eliza Gilbert, damhsóir)
Bean scléipe, damhsóir, cúirtéiseánach agus scríbhneoir de shliocht Angla-Éireannach ba ea Marie-Dolores Eliza Rosanna Gilbert; thugadh sí seónna níos déanaí faoin ainm stáitse 'Lola Montez' (17 Feabhra 1821 – 17 Eanáir 1861).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Marie Dolores Eliza Rosanna Gilbert 17 Feabhra 1821 An Ghráinseach |
Bás | 17 Eanáir 1861 39 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Áit adhlactha | Green-Wood Cemetery (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | damhsóir, aisteoir stáitse, péiceallán |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta |
Céile | Thomas James (1837–luach anaithnid) George Trafford Heald (1849–luach anaithnid) Patrick Purdy Hall (1853–) |
Páirtí | Ludwig I na Baváire |
Athair | Edward Gilbert agus Eliza Gilbert |
Bhí clú agus cáil na háilleachta ar Lola cheana féin agus teasaíocht inti a luaigh daoine áirithe lena fréamhacha in Éirinn. Baineadh stangadh as pobal an uasaicmeach Victeoiriach, a raibh iompar docht móralta agus sóisialta uathu – ar an leibhéal poiblí ar aon chuma.[1]
Saol
cuir in eagarÓige
cuir in eagarRugadh 'Lola' i gContae Shligigh ar 17 Feabhra 1821 (dúirt Lola níos déanaí go raibh sí as Luimneach ó dhúchas). B’iníon le Edward Gilbert í, saighdiúir de chuid na Breataine a bhí lonnaithe i gcúige Mumhan ar feadh tamaill agus Eliza Oliver, iníon neamhdhlisteanach le Charles de Silver Oliver, feisire i bparlaimint Shasana tráth den saol.[1]
D’aistrigh an teaghlach chun na hIndia i 1823. Bhuail an calar Edward Gilbert sa bhliain chéanna.
Cuireadh Lola chuig scoil chónaithe i Montrose na hAlban agus í fós an-óg. Cuireadh críoch lena cuid scolaíochta blianta níos faide anonn i scoileanna ardnósacha eile, i Monkwearmouth agus i mBath, i ndeisceart Shasana.
Ar ais ón scoil, mheall sí an Lieutenant Thomas James chun na leapa léi. Leannán a máthar ba ea an saighdiúir, a dúradh.[2] D'éalaigh Lola agus Thomas le chéile agus phós siad... in aois 16 bliain do Lola. Scair siad óna chéile san India sa bhliain 1843.
Rinceoir
cuir in eagarIn amharclann in Haymarket, Londain, i mí an Mheithimh 1843, in aois 22 bliain di, a chonacthas “Lola Montez” an chéad uair riamh, ainm stáitse a bhain idir iomrá agus mhíchlú nach beag amach ar fud an domhain níos déanaí.[1] Bhí na taispeántais stáitse risqué Lola i mbéal an phobail. Dúradh go raibh iompar stáitse Lola salach agus mímhorálta. Chuir daoine aithne uirthi mar 'Mrs James' agus b’éigean di imeacht chun na Mór-Roinne.[4]
Tháinig cáil dhomhanda uirthi mar rinceoir agus bean scléipe i bPáras. Dúradh go raibh liosta fada leannán aici, an scríbhneoir Alexandre Dumas ina measc.
An Ghearmáin
cuir in eagarNuair a bhí Franz Liszt i bPáras, thit sé i ngrá le 'Lola'. Lean sí Liszt go Bonn na Gearmáine. Dúradh gur mheall sí ansin Rí na Baváire, Ludwig I, chun na leapa léi,[1] cé go mba sheanfhear feosaí é faoin am sin (níos sine na 60 bliain). Is mar chéile leapa an rí a d’fhógair sí í féin go poiblí as sin amach.
Rinneadh 'comtesse de Landsfeld' di ar a breithlá sa bhliain 1847 (ar 17 Lúnasa, dáta bréagach). D’éirigh uasaicme na Baváire bréan de gheáitsí Lola agus tharla círéib ina coinne in Eanáir, 1848 (1848, bliain na na réabhlóidí ar fud na hEorpa). B'éigean do Ludwig coróin na Baváire a tugadh suas. Agus chuir Ludwig féin an ruaig ar Lola ar Lá ’le Pádraig na bliana sin.
SAM agus an Astráil
cuir in eagarChruthaigh Lola íomhá phoiblí nua di féin agus shocraigh sí ar shaol úr a bhaint amach di féin, i Meiriceá dá mb’fhéidir é sa bhliain 1851. Bhí an rath uirthi i Meiriceá agus bhain stádas an cheiliúráin amach lena taispeántais stáitse agus a geáitsí poiblí gan náire.[1]
Chuir Lola seónna stáitse ar bun san Astráil sa bhliain 1855,
Chuir sí í féin chun tosaigh chomh maith mar léachtóir[3] agus 'scríbhneoir' (bhí scáthscríbhneoir ann, b'fhéidir). Tháinig dhá leabhar amach sa bhliain 1958, "Lectures of Lola Montez" agus "The Arts of Beauty; Or, Secrets of a Lady's Toilet - With Hints to Gentlemen on the Art of Fascinating".[5] Rinne camchuairt Mheiriceá sa bhliain 1857/1858. D’fhill Lola ar Éirinn i mí na Samhna 1858 agus reáchtáladh cruinnithe poiblí i Luimneach agus i gCorcaigh.
Bás
cuir in eagarSna 1850idí, tholg 'Lola' tinneas a bháis, an ghallbholgach (sifilis). D'éag sí ar 17 Eanáir 1861, in aois 39 bliain di. Tá Lola curtha i Reilig Greenwood, Nua-Eabhrac.[1]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 MICHEAL O. hAODHA. "Lola Luimnigh, ó lá lá lá" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-31.
- ↑ "Lola Montez" (as fr) (2021-05-16). Wikipédia.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 C. Chauncey (Charles Chauncey) Burr, Making of America Project, Lola Montez; University of California Libraries (1858). "Lectures of Lola Montez (Countess of Landsfeld) : including her autobiography". New York : Rudd & Carleton.
- ↑ "Ballarat Australia History - Lola Montez". web.archive.org (2004-06-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-06-14. Dáta rochtana: 2021-08-01.
- ↑ Lola Montez (1858). "https://book4you.org/book/1161937/c1a564". 1lib.domains. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-01-18. Dáta rochtana: 2022-01-17.