I Miotaseolaíocht na nGael, sárghaiscíoch ab ea Lughaidh Lágha (Sean-Ghaeilge Lugaid Lága). Faightear é i scéalta na Rithe agus na Fiannaíochta araon. Dúradh gurbh ar cheann de na cúigear gaiscíoch is fearr na hÉireann. Faightear Lughaidh Lágha eile sa Rúraíocht.

Seanscéal cuir in eagar

Na ríthe cuir in eagar

Deartháir rí na Mumhan, Ailill Aulom, agus uncail Eoghan Mór ab ea Lughaidh. In ainneoin a chlainne, curadh Lughaidhe mhic Con ab ea é. Tar éis Chath Cenn Abrat, inar chloígh Mac Con, chuaigh sé leis ar deoraíocht. Níos deireanaí i rith Cath Maige Mucrama, mharaigh sé Art mac Cuinn. In ainneoin seo, nuair a thug Mac Con suas a choróin i bhfabhar Chormaic mhic Airt, chuaigh Lughaidh le Cormac mar ghiolla.

Fiannaíocht cuir in eagar

San Fhiannaíocht, ba ghaiscíoch suntasach na bhFiann é le Fionn mac Cumhaill. Cosantóir Uirne, deirfiúr Mhuirne, ab ea é.

Rúraíocht cuir in eagar

Príomhalt: Aided Con Culainn

Sa scéal úd, chomhghuaillí Eirc mhic Chairbre agus marfóir Chú Chulainn ab an Lughaidh seo. Mharaigh sé Cú Chulainn le hurchar sleá, agus bhain sé a cheann de. D'agair Conall Cearnach níos déanaí díoltas as dúnmharú a dheartháir altrama.

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar