Mícheál Ó Mulláin

Réabhlóidí Éireannach agus sóisialaí ab ea Micheál Ó MealláinMichael Mallin (1 Nollaig 18748 Bealtaine 1916)[1] a ghlac páirt gníomhach in Éirí Amach 1916.[2] Ba é Leascheannasaí Arm Cathartha na hÉireann é faoi James Connolly. Ar nós Connolly, bhí Mallin é féin in Arm na Breataine nuair a bhí sé óg.[3]

Mícheál Ó Mulláin
Michael Mallin - (Commandant Irish Republican Army) Executed May 8th, 1916. (36052732403).jpg
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 1ú Nollaig 1874
NáisiúntachtÉire
BásPríosún Chill Mhaighneann, 8 Bealtaine 1916
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair
Cúis bháis (tráma balaistíoch)
Gairm
Gairmtrodaí, sóisialaí agus ceardchumannaí
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agÉirí Amach na Cásca

SaolCuir in Eagar

Tús a shaoilCuir in Eagar

Rugadh Ó Mulláin sna Saoirsí i gcroílár Bhaile Átha Cliath.[4], [5]

Ba é Micheál an duine ba shine de sheisear clainne a tháinig slán ó naíonacht; fuair cúigear eile bás agus iad ina leanaí. Ní raibh seo as an ghnáth in aon chor ag an am.

Cé go raibh bá ag a mháthair don phoblachtachas, bhí cuid den teaghlach báite i gcultúr míleata Shasana. Mí amháin roimh a chúigiú breithlá déag, liostáil sé leis na Royal Scots Fusiliers mar dhrumadóir. Chaith sé beagnach 14 bliain in arm Shasana, cuid mhaith de san India.

 
Royal Scots Fusiliers

1902Cuir in Eagar

Tháinig Micheál abhaile ag deireadh 1902. Fuair sé post mar fhíodóir poiplín ag Atkinson & Co agus chuaigh sé le Ceardchumann na bhFíodóirí Síoda sa chathair. Chuaigh a thaithí ansin go mór i bhfeidhm air. Roimh i bhfad bhí sé ina oifigeach ar cheardchumainn na bhfíodóirí síoda agus ansin ina rúnaí ar an cheardchumann.

1913Cuir in Eagar

In Earrach 1913 chuaigh na hoibrithe i monarcha Atkinson ar stailc agus bhí Micheál i gcroílár imeachtaí. Bhí bua acu sa deireadh ach níorbh fhada gur éirigh Micheál as a phost sa mhonarcha agus sa cheardchumann.

Chuaigh sé ansin leis an ITGWU.Roimh i bhfad bhí sé i mbun oibre leis an Arm Cathartha na hÉireann. Rinneadh príomh-oifigeach traenála de agus faoi dheireadh 1914 d’ainmnigh Séamus Ó Conghaile é mar cheann foirne.

Mar aon leis an Chonghaileach, scríobh Ó Mealláin sraith alt don Workers’ Republic ag deireadh 1915 ar chúrsaí míleata, a chuir béim ar chogaíocht neamhrialta. Thug le fios dá lucht léite gurbh fhéidir le baicle bheag trodairí an lámh in uachtar a fháil ar fhórsa láidir ar nós arm Shasana.

 
Sráid i Loch Garman

1916Cuir in Eagar

I rith an Éirí Amach, bhí Ó Mulláin mar leas cheannasaí faoi Séamas Ó Conghaile agus i gceannas ar an ngrúpa saighdiúirí ag Faiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath, leis an gCúntaois Markiewicz mar leascheannaire.

Ghéill sé ar an Domhnach, 30 Aibreán 1916 nuair a fuair sé an t-ordú ón gCongailleach. Cuireadh chun báis é ar an 8ú lá de Bealtaine i bPríosún Chill Mhaighneann.

TagairtíCuir in Eagar




Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh