Baint choitianta shiombóiseach a chruthaítear idir fungas is fréamhacha planda. I míciríosa eactatrófach, a fhaightear i gcuid mhaith crann, fásann an fungas taobh amuigh de na fréamhacha chun truaill a dhéanamh orthu, ag teacht in ionad ribí na bhfréamhacha. I míciríosa iontrófach, a fhaightear i magairlíní is fraoch, fásann an fungas taobh istigh de chealla na fréimhe agus ina measc. I gcórais mhíciríosacha bíonn cumas feabhsaithe asúite, is na plandaí ionfhabhtaithe in ann coimhlint a dhéanamh níos fearr ná plandaí neamhionfhabhtaithe, agus faigheann an fungas sochar as cothaithigh a chuireann an planda ar fail. In an-chuid cásanna de cheangail mhíciríosacha, ní bhláthaíonn an planda i gceart gan an compánach fungasach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Míciríosa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.