Míochaine aeraspáis
Staidéar is cosc ar na drochiarmhairtí ar an gcolainn dhaonna a fhéadfaidh tarlú de thoradh eitilt in eitleán nó ar spásárthach. Ag airde mhór bíonn tiúchan na hoscaigine íseal, rud a choinníonn ocsaigin ón gcolainn, a lagaíonn an duine is a dhéanann codlatach é. Bíonn brú an atmaisféir laghdaithe ag airde mhór, agus leathnaíonn sé seo gáis taobh istigh den cholainn, rud a bhíonn an-phianmhar. Le linn luasghéaraithe mhóir, fulaingíonn an cholainn fórsaí móra (G-fhórsaí) a thiomáineann an fhuil amach as an inchinn, ionas gur féidir le duine díth meabhrach a fháil. Is iad na hiarrachtaí coisctheacha a dhéantar ná masc ocsaigine, culaith nó cábán faoi bhrú, agus G-chulaith a chuireann brú ar na cosa is coda eile na colainne chun imshruthú na fola a choimeád sna fíocháin is orgáin atá riachtanach don bheatha.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Míochaine aeraspáis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 459.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |