Maeve Binchy

úrscéalaí Éireannach

Scríbhneoir Éireannach ab ea Maeve Binchy (28 Bealtaine 1940 - 30 Iúil 2012). Rugadh i nDeilginis i gContae Átha Cliath í. Fuair sí a cuid oideachais ollscoile in UCD. Chaith sí seal ina múinteoir, ach fuair sí post mar iriseoir ag an Irish Times. Chuaigh sí leis an scríbhneoireacht ina dhiaidh sin.

Infotaula de personaMaeve Binchy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1940
Deilginis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Iúil 2012
72 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir scripte, iriseoir, múinteoir scoile, úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFicsean
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileGordon Snell Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínWilliam Binchy
Duine muintearthaD. A. Binchy (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinmaevebinchy.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0082759 Allmovie: p288676
Musicbrainz: f12776a9-7959-4861-b4d4-3fb396b3f595 Discogs: 2649358 Cuir in eagar ar Wikidata

Saothair cuir in eagar

I measc saothair Maeve Binchy tá:

Úrscéalta cuir in eagar

  • Light a Penny Candle (1982)
  • Echoes (1985)
  • Firefly Summer (1987)
  • Silver Wedding (1988)
  • Circle of Friends (1990)
  • The Copper Beech (1992)
  • The Glass Lake (1994)
  • Evening Class (1996)
  • Tara Road (1998)
  • Scarlet Feather (2000)
  • Quentins (2002)
  • Nights of Rain and Stars (2004)
  • Whitethorn Woods (2006)
  • Heart and Soul (2008)
  • Minding Frankie (2010)
  • A Week in Winter (2012)

Bailiúcháin gearrscéalta cuir in eagar

  • Central Line (1978)
  • Victoria Line (1980)
  • Dublin 4 (1981)
  • London Transports (1983) (An-chosúil le scéalta Central Line agus Victoria Line).
  • The Lilac Bus (1984)
  • Story Teller: Collection of Short Stories (1990)
  • Dublin People (1993)
  • Cross Lines (1996)
  • This Year It Will Be Different: And Other Stories (1996)
  • The Return Journey (1998)
  • Chestnut Street (2014)
  • A Few of the Girls (2015)

Nóibhille cuir in eagar

  • The Builders (2002)
  • Star Sullivan (2006)
  • Full House (2012)

Neamhficsean cuir in eagar

  • My First Book (1970). Dublin: The Irish Times, Ltd. (ISBN 9780950341835)
  • Aches and Pains (1999)
  • A Time to Dance (2006)
  • The Maeve Binchy Writer's Club (2008)

Drámaí cuir in eagar

Deeply Regretted By... (2005)

Saothair Eile cuir in eagar

  • Finbar's Hotel (rainnpháirt)
  • Ladies Night at Finbar's Hotel (rainnpháirt)
  • Irish Girls About Town (2002) (ise eagarthóir le Cathy Kelly agus Marian Keyes)

Scannáin, Raidió agus Teilifís cuir in eagar

Scríobh Binchy go leor drámaí díreach don raidió agus scannáin, agus scríobh sí úrscéalta agus gearrscéalta a chóiríodh don raidió, scannáin agus teilifís.

Scannáin cuir in eagar

  • Circle of Friends (1995) – Scannán Hollywood, bunaithe ar úrscéal Binchy Circle of Friends (a foilsíodh i 1990). Ghlac Chris O'Donnell agus Minnie Driver phríomhpháirt ann.
  • Tara Road (2005) – Scannán Hollywood bunaithe ar úrscéal Binchy Tara Road (a foilsíodh i 1998). Ghlac Olivia Williams agus Andie MacDowell phríomhpháirt ann. Roghnaíodh an leabhar don Chlub Leabhar Oprah i Meán Fómhair 1999.
  • How About You (2007) – Scannán Éireannach bunaithe ar an ghearrscéal How About You (nó The Hard Core) as an mbailiúchán gearrscéalta dar teideal This Year It Will Be Different: And Other Stories (1996). Ghlac Vanessa Redgrave, Joss Ackland, Brenda Fricker agus Imelda Staunton phríomhpháirt ann.

Raidió cuir in eagar

Ón bhliain 1968, scríobh Binchy píosaí don raidió RTÉ go minic, agus bhí an-mheas ag an lucht éisteachta uirthi. Scríobh sí na drámaí raidió Surprise, The Games Room, agus Infancy agus Tia Maria ina measc.

Teilifís cuir in eagar

  • Deeply Regretted By... (1978) – Scríobh Binchy an dráma RTÉ a bhuaigh an Duais Jacobs. Rinneadh scannánú air in Éirinn agus ghlac Donal Farmer agus Joan O'Hara phríomhpháirt ann.
  • Echoes (1988) – Mionsraith teilifíse ar Channel 4, bunaithe ar úrscéal Binchy Echoes, a foilsíodh i 1985.
  • The Lilac Bus (1990) – Scannán teilifís 90-nóiméad, bunaithe ar an mbailiúchán gearrscéalta Binchy dar teideal The Lilac Bus, a foilsíodh den chéad uair i 1984. Ghlac Stephanie Beacham, Emmet Bergin, agus Brendan Conroy phríomhpháirtí ann.
  • Maeve Binchy's Anner House (2007) – Scannán teilifís 90-nóiméad. Rinneadh scannánú air i gCape Town agus chraoladh é ar RTÉ. Ghlac Liam Cunningham, Flora Montgomery agus Conor Mullen phríomhpháirtí ann. Scríobh Anne-Marie Casey an script scannáin agus tá sé bunaithe ar gearrscéal Binchy.