Feiste chun brú i sreabhán (leacht nó gás) a thomhas. De ghnáth, teicníocht bunaithe ar U-fheadán a úsáidtear chuige, agus léirítear an brú leis an difríocht in airde na leachta (mearcair go minic) idir dhá ghéag an fheadáin nuair a cheanglaítear géag amháin don sreabhán ar mian an brú ann a thomhas, agus an ghéag eile don atmaisféar, mar shampla. Má bhíonn barr an mhearcair sa ghéag ceangailte leis an sreabhán h m níos airde ná an ghéag eile, tá an brú sa tsreabhán ρgh níos mó ná brú an atmaisféir (is é ρ dlús an mhearcair, agus g an luasghéarú de bharr domhantarraingthe). Úsáidtear an téarma maniaméadar do shaghsanna eile tomhsaire brú uaireanta, ina ngníomhaíonn an brú le tomhas fórsa ar dhromchla is an dromchla sin ceangailte go meicniúil nó go leictreach/leictreonach le táscaire grádaithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Manaiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 436.