Is éard atá i gceist le mappa mundimappamundiléarscáil an Domhain, go mór mhór iad a rinneadh san Eoraip sa Mheánaois. Tá timpeall 1,000 ceann ar marthain inniu. An mappa mundi is cáiliúla díobh is dócha ná an ceann ón 13ú céad atá in Ardeaglais Hereford Shasana. Ar pár atá sí, 163 × 137 cm, an Domhan léirithe mar chiorcal, Iarúsailéim i lár baill agus an Bhreatain is Éire ar an imeall. Timpeall 500 léaráid atá uirthi agus eolas bealaí d'oilithreachtaí, trádáil, taisteal, ailtireacht, ainmneacha áiteanna, stair, miotaseolaíocht, fásra is ainmhithe. Bhí baol ann i 1988 go ndíolfaí í chun airgead a fháil leis an ardeaglais a dheisiú, ach chuir rialtas na Breataine airgead isteach chun é sin a sheachaint.[1]

Mappa mundi Hereford

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mappa mundi". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 437.