Clár de chuid NASA a thosaigh i ndiaidh teip Mars Observer, ag obair ar na bunphrionsabail chéanna. Sraith lainseálacha a bheadh i gceist. Lainseáladh an chéad spásárthach (an Mars Global Surveyor) i 1996 agus shroich sé Mars go déanach i 1997. Lainseáladh an Mars Climate Orbiter i 1998, agus an Mars Polar Lander i 1999, iad araon leis an bpláinéad a shroichint i 1999, ach cailleadh an dá cheann. I 2001 lainseáladh an Mars Odyssey, agus thosaigh sé ag fithisiú Marsa níos déanaí an bhliain sin. Lainseáil an ESA an Mars Express i 2003, a theip. Tháinig ceann den dá charr Sojourner de chuid NASA (Spirit) i dtír ann i 2004 chun íomhánna ardtaifigh den ithir a tharchur ar ais ar Domhan. Go luath ina dhiaidh thosaigh an Sojourner eile (Opportunity) ag scrúdú na hithreach is na gcarraigeacha lena ghéag ionstraimithe ar leith.[1]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisMars Surveyor

Cineál miseanleathanach idirdhealaithe Wikimedia

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Mars Surveyor". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 439.

Naisc sheachtracha cuir in eagar