Michael Dwyer

Náisiúnaí Éireannach

Náisiúnaí Éireannach ab ea Mícheál Ó DuibhirMichael Dwyer (1772 - 23 Lúnasa 1825). Ball de na hÉireannaigh Aontaithe ab ea é, agus bhí sé páirteach in Éirí Amach 1798.

Infotaula de personaMichael Dwyer
Dwyer.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1772
Bás1825
52/53 bliana d'aois
Learpholl, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhillteach
GéillsineCumann na nÉireannach Aontaithe
CoinbhleachtÉirí Amach 1798 in Éirinn

Find a Grave: 12173

RéabhlóidíCuir in Eagar

Nuair a theip ar an Éirí Amach chúlaigh sé le buíon fear go Gleann Imeáil, agus throid siad ar feadh cúig bliana eile i Sléibhte Chill Mhantáin go dtí mí na Nollag 1803, nuair a theip ar éirí amach Robert Emmet i mBaile Átha Cliath.

Bhí ag éirí chomh maith sin le feachtas Uí Dhuibhir go raibh ar na húdaráis bóthar míleata a thógáil ón chathair isteach sna sléibhte, agus cúig bheairic air, sula raibh siad ábalta é a ghabháil. Tar éis mórán eachtraí d'aontaigh Ó Duibhir go ngéillfeadh sé a fhad is go dtabharfaí saorchead dó féin agus dá chuid fear go Meiriceá. Ach cuireadh i bPríosún Chill Maighneann é agus as sin chun na hAstráile é, lena bhean agus a gceathrar clainne.

San AstráilCuir in Eagar

Bhí feirm aige ansin, ach bhí deacrachtaí aige leis na húdaráis arís. Cuireadh go hOileán Norfolk é ar feadh tamaill ach tugadh pardún dó agus d'fhill sé ar an fheirmeoireacht.

Bhí sé i gceannas ar na póilíní i gceantar in aice le Sydney, ach briseadh as a phost é mar gheall ar a chuid ólacháin. Bhí teach tábhairne aige ar feadh tamaill chomh maith, ach níor éirigh go maith leis. Bhí talamh á cheannach agus á dhíol aige ansin agus rinne sé go leor airgid chun teach phobail (séipéal) a thógáil.

 
Bealach Conglais agus cuimhneachán Dwyer i lár

D'éag sé ar an 23 Lúnasa 1825. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh os comhair 200 míle duine.

TagairtíCuir in Eagar