Micreamháinliacht
(Athsheolta ó Micreamáinliacht)
Is máinliacht nua-aoiseach a dhéantar faoi mhicreascóp í micreamháinliacht.[1] Eiseamláirí drámata den teicníocht seo is ea athcheangal méire, fiú sciatháin iomláin, a ghearrtar ón gcolainn trí thaisme. Déantar obráidí ar an inchinn ina ndeisítear artairí beaga is a nglantar amach artairí atá ar tí calcadh le plaic scléaróise chun bac a chur le stróc. Maille leis an micreascóp is scil an mháinlia, tá na forbairtí seo bunaithe ar sholáthar mionionstraimí máinliachta, oiriúnaithe don ghnó seo, le blianta beaga anuas.[2]
Cineál | máinliacht |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D008866 |
UMLS CUI | C0026035 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “microsurgery — Aistriúchán Gaeilge ar microsurgery (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-04-23.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Micreamáinliacht (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 454.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |