Micreamháinliacht

Máinliacht nua-aoiseach a dhéantar faoi mhicreascóp. Eiseamláirí drámata den teicníocht seo is ea athcheangal méire, fiú sciatháin iomláin, a ghearrtar ón gcolainn trí thaisme. Déantar obráidí ar an inchinn ina ndeisítear artairí beaga is a nglantar amach artairí atá ar tí calcadh le plaic scléaróise chun bac a chur le stróc. Maille leis an micreascóp is scil an mháinlia, tá na forbairtí seo bunaithe ar sholáthar mionionstraimí máinliachta, oiriúnaithe don ghnó seo, le blianta beaga anuas.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarMicreamháinliacht
cuir in eagar
Cineálmáinliacht Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MeSHD008866 Cuir in eagar ar Wikidata

TagairtíCuir in Eagar