Slis bhídeach ábhair leathsheoltaigh, cosúil le sileacan, a dhéantar a phróiseáil chun ciorcad iomlánaithe a dhéanamh di. De réir a chéile le feabhsuithe sna modhanna próiseála, comhtháthú mórscála (LSI) is níos déanaí, comhtháthú an-mhórscála (VLSI), is féidir na mílte trasraitheoirí is comhbhall leictreonach eile a phacáil ar mhicrishlis agus ciorcaid éagsúla le feidhmeanna éagsúla a tháirgeadh. Nuair a chuirtear ciorcaid cuimhne is loighce ar an tslis, táirgtear micreapróiseálaí, croí ríomhaire phearsanta is an iliomad feiste oibre, gnó, baile, caitheamh aimsire, teileachumarsáide is eile. Le próiseáil nua-aoiseach, bunaithe ar nanaitheicneolaíocht, is féidir tuilleadh micrichiorcad iomlánaithe fós a phacáil ar na micrishliseanna, agus na feistí a bhaineann feidhm astu a dhéanamh níos lú éadroime ná riamh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Micrishlis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 456.