Monashaothrú
Is éard atá i gceist leis an monashaothrú[1] ná fás cineál amháin bairr ar an talamh chéanna thar thréimhse blianta gan aon uainíocht. Forleathan i dtíortha forbartha, ach cruthaíodh go mbíonn claonadh láidir le hionsaithe lotnaidí is galar níos measa ann, agus bíonn gá le han-chuid feithidicídí is fuingicídí leis an mbarr a chosaint. Mar thoradh ar an gcleachtas seo, is mó na barra a fhaightear ach tá laghdú mór ar an oiread speiceas is barr a fhástar i gcomhair bia. Braitheann an cleachtas go mór ar phróisis meicnithe is páirceanna móra, rud a chuir le laghdú bhithéagsúlacht phlandaí is ainmhithe na bhfálta. Úsáidtear an téarma freisin d'fháschoillte le cineál amháin crainn iontu.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): monashaothrú” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Monashaothrú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 467.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |