Sa bhfisic is an cheimic, is éard is néalú ann ná athrú ábhair ón staid sholadach díreach go dtí an staid ghalach gan dul tríd an staid leachtach. I measc na n-ábhar a néalaíonn ag gnáthbhrú an atmaisféir, tá dé-ocsaíd charbóin (oighear tirim) agus iaidín.