Nóinín Livingstone
Planda bliantúil is ea nóinín Livingstone agus é spréite le duilleoga is gais shúmhara, dúchasach do réigiúin loiscneacha i ndeisceart na hAfraice. Cuma nóiníní ar na bláthanna, ach le dathanna éagsúla ó bhuí is bándearg go dtí liathchorcra, agus ní osclaíonn siad ach amháin nuair a bhíonn an Ghrian ag lonradh go geal orthu.[1]
Dorotheanthus bellidiformis | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Aizoaceae |
Treibh | Dorotheantheae |
Géineas | Dorotheanthus |
Speiceas | Dorotheanthus bellidiformis N.E.Br., 1928 |
Ainmníocht | |
Basainm | Mesembryanthemum bellidiforme |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nóinín Livingstone". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 487.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |