Nathair choiréalach
Nathair nimhiúil is ea nathair choiréalach,[1] é dúchasach don Domhan Úr (2 ghéineas, 65 speiceas) agus iarthar na hÁise (3 ghéineas, 16 speiceas). Is baill de fhine na nElapidae iad, cé nach grúpa tacsanomaíochta iad. Le bandaí géara ailtéarnacha dubha, buí is dearga de ghnáth. An nimh láidir, ach níl an nathair ionsaitheach. Ní féidir leis na goineoga gearra an nimh a instealladh go héasca. Faigheann an nathair greim ar an gcreach ina béal i ndiaidh an buille a bhualadh, nó beireann greim fiacla uirthi arís is arís eile.[2]
Elapidae | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | nimh Elapidae |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Reptilia |
Ord | Squamata |
Forfhine | Elapoidea |
Fine | Elapidae Heinrich Boie, 1827 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““nathair choiréalach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nathair choiréalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 478.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |