Niels Kaj Jerne
imdhíoneolaí Danmhargach
Imdhíoneolaí Danmhargach a rugadh i Londain ab ea Niels Kaj Jerne (23 Nollaig 1911 – 7 Deireadh Fómhair 1994). Ina thaighde ar an gcóras imdhíonach, rinne sé staidéar ar chruthú na n-antasubstaintí, mhínigh forbairt na T-limficítí, agus shaothraigh teoiric an chórais imdhíonaigh ina samhlaítear é mar líonra limficítí is antasubstaintí ag idirghníomhú le chéile.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1984 le César Milstein is Georges Köhler as an obair sin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Niels Kai Jerne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 381.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |